bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Romans 12
Romans 12
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 13 →
1
Ar a nadhbharsin sirim dathchuinge oraibh, a dhearbhraithreacha, tré trócaire Dé, bhur gcuirp do thabhairt na bhéo-iodhbairt, náomhtha, geanamhail do Dhía, bhur seirbhís réusúnta.
2
Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
3
Oír a deirim, ré gach áon eadruibhse, trés an ngrás do tugadh dhamh, gan ghabháil ré a ais ní do thuigsin ós cionn a neithe is iomchubhaidh dhó do thuigsin; achd a thuigsi do bheith réir mheasarrdhachda, amhail as do roinn Día ré gach áoinneach miosúr creidimh.
4
Oír do réir mar atá iomad ball aguinn a néunchorp amháin, agus nach éunoifig amháin atá ag na huile bhallaibh sin:
5
As mar an gcéudna, atámaóidne morán, ar néanchorp a Gcríosd, agus gach áon fo leith ar mhallaibh agá chéile.
6
Uime sin ar mbeith do thiodhlaicibh éugsámhla aguinn do réir na ngrás tugadh dhúinn, más fáidhedóireachd atá aguinn, déanam faidhedóireachd do réir mhéud an chreidimh;
7
Nó más oifig atá aguinn, tugam aire don oifig: nó an té theaguisgeas, tugadh aire dha theagusg;
8
Nó an té do bheir foirceadal úadha, tugadh aire dhá fhoirceadal: an tí roinneas an déirc, roinneadh í maille ré neamhurchóid; an tí agá bhfuil ceannus ós cionn cháich, déunadh é maille ré dúthrachd; an tí do ní trócaire, déunadh í maille ré súbhachus.
9
Bíodh bhur ngrádh gan cheilg. Bíodh gráin agaibh ar a nolc; agus ceangluigh don mhaith.
10
Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile;
11
Ná bíghidh leisgeamhuil a ngnothuighibh; Bíghidh ar fiuchadh ann bhur spioraid; ag déanamh seirbhísi don Tighearna;
12
Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe;
13
Ag cómhroinn ris na náomhaibh iona ríachdanusaibh; ag gnáthughadh luchd áoidheachda do ghlacadh.
14
Tabhruidh bhur mbeannachd don dreim dhíbhreas síbh: tabhruidh bhir mbeannachd dóibh, agus na malluidhe íad.
15
Bíodh gairdeachus oráibh ma ráon ris an muinntir ar a bhfuil gairdeachus, agus bígidh ag cáoi maráon ris an muinntir do ní cáoi.
16
Go madh háontoil dhíbh ré chéile. Ná bígidh áirdinntinneach, achd cumaidh sibh féin ris a ndreim is ísle. Nó bighidh glic ann bhur mbaramhluibh féin.
17
Na déanaidh olc a naghaidh uilc ar éainneach. Bíodh cúram na neitheann maith oraibh a bhfíadhnuise na nuile dháoine.
18
Mas féidir é, an mhéid thig dhíbhsé dhe, bíodh síothcháin agaibh ris na huile dhaóinibh
19
A chairde grádhacha, ná déunaidh dioghaltus ar bhur son féin, achd fanaidh ris an bhfeirg: óir atá sgríobhtha, Is leamsa an dioghaltus; do bhéura mé cúitiughadh uáim, a deir an Tighearna.
20
Uime sin dá raibh ocarus ar do námhuid, tabhair bíadh dhó; dá raibh tart air, tabhair deoch dhó: óir tré so do dhéunamh dhuit carnfuidh tú gríosach ar a cheann.
21
Na beireadh an tolc buáidh ort, achd beirse buáidh ar a nolc ré maith.
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 13 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16