bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Romans 7
Romans 7
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 8 →
1
A ne nach bhfuil a fhios aguibh, a dhearbhraithre, (óir as ris an luchd agá bhfuil fios an reachda labhruim,) go bhfuil cúmhachda ag an reachd ar dhuine ar feadh a sháoghail?
2
Oir an bhean atá pósda ré fear atá sí ceangailte dhé feadh a sháoghail do réir an reachda; gidheadh dá bhfághadh a fear bás, atá sise sáor ó reachd a nfir.
3
Uime sin ré sáoghal a fir dá raibh sí ag fear éile, goirfighthear meirdreach dhí: gidheadh dá bhfaghaidh a fear bás, atá sí sáor ón reachd; ionnus nach meirdreach í, ar son í bheith ag fear eile.
4
Ar a nadhbharsin, a bhraithreacha, atá sibhse leis marbh don reachd tré chorp Chríosd; ionnus go mbíadh sibh ag fear eile, eadhon, dhosan noch do tógbhadh súas ó mharbhaibh, chum sinne toraidh thabhairt do Dhía.
5
Oír tan do bhámair sa bhfeóil, do bhiodh míangus na bpeacadh, trés an reachd, ag oibriughadh ann ar mballaibh chum toraidh do thabhairt chum báis.
6
Achd a nois atámaid air ar sáoradh ón reachd, ar mbeith don ní lér congmhadh sinn marbh; ionnus go ndéanamaóis seirbís a nuáidheachd na spioráide, agus ní an narsaigheachd na leitre.
7
Ar a nadhbharsin créud a déuram? A né gur peacadh an reachd? nar léige Día sin. Gidheadh, ní raibh fios peacaigh agum achd trés an reachd: oír ní bhíadh éolus air mbíangus agum, muna nabradh an reachd, Na biodh míanghus ort.
8
Agus ar ngabháil chionfátha don pheacadh, trés a naithne, do oibrigh sé íonnum gach uile ghné mhíanghuis. Oir a bhféugmhuis an reachda do bhi an peacadh marbh.
9
Agus do bhí misi ar uáiribh beó a bhféugmhais an reachda: achd ar dteachd do náithne, do aithbhéodhaidh an peacadh, agus fuáir misi bás.
10
Agus a náithna úd, do hórduigheadh chum beatha, fríth dhamhsa í chum báis.
11
Oír ar ngabháil chionfátha don pheacadh, trés a naithne, do mheall sé mé, agus lé sin do mharbh sé mé.
12
Ar a nadhbharsin atá an reachd gan amharus náomhtha, agus a náithne náomhtha, agus comhthrom, agus maith.
13
Uime sin an bhfuil a ní maith ar na dhéunamh na bhás dhámhsa? nar léigidh Día sin. Achd an peacadh, ionnus go mhíadh sé follus na pheacadh, doibrigh sé bás ionnum trés a ní maith; do chum go mbíadh an peacadh na pheacadh áidhbhéileach trés a náithne.
14
Oir atá a fhios aguinn go bhfuil an reachd sbioradálta: achd atáimse collaighe, ar mo reic faói pheacadh.
15
Oir ní thuigim an ní do ním: óir ní hé an ní is mían ríom, do ním; achd a ní fúathaighim, a sé do ním.
16
Agus má sé a ní nach mían riom do ním, tigim ris an reachd gur maith é.
17
Ar a nadhbharsin ní misi feasda do ní é, achd an peacadh chomhnaigheas ionnum.
18
Oír atá a fhios agam, nach bhfuil maith ar bith na comhnuidhe íonnum, eadhon am fheóil: óir ata an toil a bhfogus damh; achd ní fhaghuim slighe ar bith chum na maitheasa do chríochnughadh.
19
Oír ní dhéanuim an mhaith is mían riom: achd an tolc nach mían riom, a sé do ním.
20
Agus má nímse a ní nach mían riom, ní misi do ní é feasda, achd an peacadh chomhnuigheas ionnum.
21
Ar a nadhbharsin do gheibhim dligheadh, an tan is mían riom maith do dhéanamh, go bhfuil an tolc do lathuir agam.
22
Oír atá fonn agam a reachd Dé do réir an duine táobh asdigh:
23
Achd do chím reachd eile ann mo bhallaibh, ag cathughadh a naghaidh reachda minntinne, agus dom thabhairt a mbruid do reachd an pheacaidh noch atá am bhallaibh.
24
Uch mo thrúaighe um dhuine truailleánta! cía sháorfus mé ó chorp an bháis so?
25
Beirim buídheachus ré Día tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Uime sin do nímse go deimhin am intinn seirbhís do reachd Dé; achd am fhéoil reachd an pheacaidh.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16