bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Romans 3
Romans 3
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 4 →
1
Maseadh cred é an bárr atá ag an Iúduidhe? nó créd é tarbha an timcheallghearrtha?
2
Is mór é ar gach áonchor: a chéadúair, do bhrígh gur ríusan do tháobhadh bhríathra Dé.
3
Oír créd é an chúis má nár chreideadar dream áirighe dhíobh? a ndéuna a neamhchreideamhsan fírinne Dé gan eifeachd?
4
Nár léige Día sin: achd, bíodh Día fírinneach, agus gach uile dhuine bréugach; mar atá sgríobhtha, Ar chor go sáorfuidhe thú ad bhríathruibh, agus go mbeartha buáidh an tan bheireas tú breith.
5
Achd má neartuigheann ar néagcóirne cóir De, créd a déaram? An bhfuil Día éagcórach do ní dioghaltus? (mar dhuine labhruim.)
6
Nár léige Día sin: oir don táobh eile cionnas bhias Día na bhreitheamh ar a tsáoghal?
7
Oír má mhéudaighe fírinne Dé trém bhréigsi chum a ghlóiresion; créd fá a ndamantar misi fós mar pheacthach?
8
Agus créd fá nach déanámaoid uile, ionnus go dtiocfadh maithe dhíobh, (do réir mar mhaslaighthear sinne, agus mar a deirid dáoine áirighe) ar a dtig damnúghadh ó cheart, go nabramáoid?
9
Créd eile má seadh? an bhfuilmídne ag breith bháirr? Ní bhfuilmíd, ar éanchor: óir do shuigheamar roimhe so na Iúduighe agus na Gréaguigh uile, do bheith fá pheacadh;
10
Mar atá sgríobhtha, Ní bhfuil firéun ann, fós, ní bhfuil, áonnduine:
11
Ní bhfuil neach ann thuigeas, ní bhfuil neach íarrus Día.
12
Do chláonadar uile, atáid síad a néinfheachd ar na ndéunamh mítharbhach; ní bhfuil neach ann do dhéunadh maith, ní bhfuil, go héinneach.
13
As uáimh osguilte a sgórnach; do rinneadar meabhail lé na dteangthuibh, atá neimh na naithreach neimhe fa na bposuibh:
14
Agá bhfuil a mbéul lán do mhallachdaibh agus do shearbhas:
15
Atáid a gcosa lúath chum fola dhórtadh:
16
Agá bhfuil briseadh croídhe agus anshógh ann a slighthibh:
17
Agus nior aithnigheadar slighe na siothchána:
18
Ní bhfuil eagla Dé a bhfiadhnuisi a súl.
19
Agus atá a fhios aguinne gidh bé ar bith neithe a deir an dligheadh, gur ris a ndreim atá fán dligheadh labhrus sé: ionnus go dtochdfuidh gach uile bhéul, agus go mbeith an domhan uile cionntach do breitheamhnus Dé.
20
Ar a nadhbharsin ní sháorfuidhthear éinneach na fhíadhnuisision ó oibrighibh an dlighe: óir is trés an dligheadh tig aithne an pheacuigh.
21
Achd a nois a néagmhuis a dlighe atá ceart Dé ar na dhéunamh follas, ar na dhearbhadh lé fíadhnuisi an dlighe agus na bhfáidheadh;
22
Ceart Dé a deirim tré chreideamh Iósa Críosd dá gach áonduine agus ar gach áon chreideas: óir ni bhfuil eidirdhéalughadh ann:
23
Oir do pheacaigh a nuile dhuine, agus atáid a négmhuis ghlóire Dé;
24
Agus atáid ar na sáoradh a naisgidh ré na ghrásuibhsean trés an bhfúasgladh do rinneadh lé Híosa Críosd:
25
Noch do órduigh Día na cheann réightigh tré chreideamh ann a fhuil, chom a fhíréantachda dfoillsiughadh, tré mhaithmheachas na bpeacadh do chuáidh tharuinn, a bhfoighid Dé;
26
Chum a fhiréantachda féin dfoillsiughadh ann sa naimsirsi do lathair ionnus go mbíadh sé féin ceart, agus go sáorfadh sé an té atá do chreideamh Iósa.
27
Ar a nadhbharsin cáit a bhfuil an mhórdhháil? Atá sí ar na cur amach. Cía an dligheadh? an tré dhligheadh na noibreacha? Ní headh, achd tré dhligheadh an chredimh.
28
Measamuid ar a nadhbharsin gur lé creideamh sháorthar an duine a néagmhuis oibreach an dlighe.
29
An leis na Iúdaighibh amháin Día? a né nach leis na Cineadhachuibh é mar an ccéadna? Go deimhim a sé Día na Gcineadhach é leis:
30
Oír is éin Ndía sháorfas an timcheallghearradh ó chreideamh, agus an neamhthimcheallghearradh tré chreideamh.
31
Uime sin a ndéunmáoid an dligheadh neamhthabhachdach tré san gcreideamh? Nár léige Día sin: achd fós, neartuighemíd an dligheadh.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16