bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Zephaniah 1
Zephaniah 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 2 →
1
Briathar an TIGHEARNA noch tháinig go Sephaniah mhac Cusi, mhic Gedaliah, mhic Amariah, mhic Hisciah, a laéthibh Iósiah mhic Amon, rígh Iúdah.
2
¶ Scriosfa mé thríd amach a nuile ní ón talamh, a deir an TIGHEARNA.
3
Díoghbháighfidh mé an duine agus an beathach, scriosfa mé éanlaith a naiéir, agus eisc na fairge, agus na cip thuisligh maille ris na ciontachaibh; agus geárrfa mé amach an duine ón ttalamh, a deir an TIGHEARNA.
4
Sínfidh mé mar an ccéadna mo lámh amach air Iúdah, agus air uile áitreabhach Ierusalem; agus géarrfa mé amach íarsma Bhaal as a náitsi, agus ainm na Chemariteach maille ris na sagartaibh;
5
Agus an drong adhras slúagh neimhe air mhulluighibh na ttightheadh; agus an drong adhras agus mhionnuighios fán TTIGHEARNA, agus mhionnuighios fa Mhalcham;
6
Agus an lucht dfill ar a nais ón TTIGHEARNA; agus an drong nar íarr an TIGHEARNA, agus nar cheasnuigh ris.
7
Bí ad thochd lé faicsin an Tighearna DIA: óir atá lá an TIGHEARNA do lathair: óir do ghléas an TIGHEARNA íodhbuirt, dfúagair sé dá lucht cuiridh.
8
Agus tiucfa a ccrích a ló íodhbartha an TIGHEARNA, go ccoireocha misi air na prionsadhuibh, agus air chlannaibh na ríogh, agus air na buile dháoinibh atá air na néadughadh lé culadhuibh coimhightheacha.
9
Annsa ló chéadnasin smaichteocha mé a nuile dhuine lingios air an ttáirsigh, noch líonas tighthe a maighistreach le héigean agus lé clúanuigh.
10
Agus tiucfa a ccrích san ló sin, a deir an TIGHEARNA, go mbiáidh gúth a néigin ó gheata a néisg, núallfartach ón dara geata, agus tormán mór ó na cnocaibh.
11
Núalluighse, a áitreabhthacha Mactes: óir atáid na ceannuighthe uile ar na ngearradh síos; do gearradh amach a nuile dhuine iomchras airgiod.
12
Agus tiucfuidh a ccrích san namsin, go spíonta misi Ierusalem lé coinlibh, agus píanfa mé an drong atá go socair air a ndeascaigh: noch a deir iona ccroidhe, Ní dhéana an TIGHEARNA maith, ní mó dhéana sé olc.
13
Uimesin do dhéantar éadáil dá maóin, agus fásach dá ttighthibh: cuirfid fós tighthe súas, acht ní áitreochuid ionta; agus plainndeochuid fineamhua, acht ní iobhuid a fíon sin.
14
Atá lá mór an TIGHEARNA á bhfogus, atá sé a ngar, agus deithfríghidh sé go mór, eadhon gúth laoi an TIGHEARNA comhaircfidh an duine cumhachtach annsin go haidhmhéil.
15
Is lá díbhfheirge an lá sin, lá buáidheartha agus amhgair, lá fásuighthe agus áonranachta, lá dorchachta agus duáibhsighthe, lá néull agus dorchadais tiugh.
16
Lá stoc agus fúagartha a naghaidh na ccaithreach ndaingean, agus a naghaidh na ttor nárd.
17
Agus do bhéara mé amhgar air dhaóinibh, iondus go siubholuid amhuil dáoine dalla, do bhrigh gur pheacuigheadar a naghaidh an TIGHEARNA: agus dóirtfighear a bhfuil amach amhuil luáithreadh, agus a bhfeóil mar a naóileach.
18
Ní mó fheadfas a nairgiod nó a nór a sáoradh a ló fheirge an TIGHEARNA; acht sluigfighear an talamh uile le teine a éuda: óir cuirfidh sé deireadh deithneasach leis a nuile dhuine dá náitreabhann san tir.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3