bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Zephaniah 3
Zephaniah 3
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
1
Amhairg dhise atá salach, agus truáillighthe, do chathruigh na héaccóra!
2
Níor umhluigh sí don ghúth; níor ghabh sí smachd; níor dhóthchusaigh sí annsa TIGHEARNA; ní tháinic sí a ngar da Día.
3
Atáid a prionsadha inte a stigh na leomhanumbh buile; atáid a breitheamhuin na cconaibh állta nóna; ní chreimid siad na cnámha gus an maidin.
4
Is éattrom fealltach a fáidhe: do shalchadar a sagairt an tsanctóir, do rinneadar éigion air an ndligheadh.
5
Atá an TIGHEARNA ceart iona lársin; ní dhéana sé éaccóir: do bheir sé a bhreitheamhnus chum soluis gach áon mhaidin, ní fhaillighion sé; acht ní bhfuil fis náire aig na daóiníbh éiccearta
6
Do gheárr mé amach ná cineadhacha: atáid a ttuir uaigneach; do rinne mé a sráide na bhfasach, iondus nach gabhann dume ar bioth ionta: iondus nach bhfuil áitreabhthach ar bioth.
7
A dubhairt mé, Go deimhin biáidh meagla ort, géabha tú teagasg; iondus nach géarriuidhe amach a náit chomhnuighe, gidh gur smachtuigh mé íad: acht deirghiodarsan go moch, agus do thruáilleadar a ngníomha uile.
8
¶ Uimesin feithidh sibhsi orumsa, a deir an TIGHEARNA, nó go ttig an lá a néireocha misi súas chum na creiche: óir isé is mían damh na cineadhacha do chruinniughadh, ionnus go ttoitheastluigh mé na rioghachda, do dhórtadh mo dioghla orra, eadhon mfearg bhorb uile: óir loisgfighear an talamh uile lé téine mo éada.
9
Oír annsin iompocha mé chum na ndaóine teanga ghlan, chor go ngoirfid uile ar ainm an TIGHEARNA, dfoghnamh dhó maille re háontoil.
10
On taóibh thall daibhnibh na Hétiópia máos gearáin, eadhon inghean mo dhaóine seachránach, bhéaruid mofráil leó.
11
Annsa ló sin ní bhiáidh náire ort ar son huile gníomh, ionar sháruigh tú am aghuidhsi: óir annsin do bhéara me amach as do lár an mhéid gháirdighios ann húabhar, agus ní bhiáidh tú uáibhreach ni is mó do bhrígh mo shléibhte náomhthasa.
12
Fúigfidh mé fós ann do lársa daóine buáidheartha agus bochta, agus cuirfidh a ndóigh a nainm an TIGHEARNA.
13
Ní dhéana íarsma Israel éicceart ar bioth, ní mó laibheoruid bréaga; ní mó gheabhthar teanga chealgach iona mbéul: óir do gheabhuid beatha agus luighfid síos, agus ní chuirfe duine ar bioth eagla orra.
14
¶ Cán, a inghean Shíon; gáir, a Israel; bídh lúathgháireach agus gáiridh maille red uile chroidhe, a inghean Ierusalem.
15
Do thóig an TIGHEARNA do bhreitheamhnus díot, do theilg sé amach do námhuid: atá rígh Israel, eadhon an TIGHEARNA, ann do lár; ní fhaicfidh tú olc ní is mó.
16
Annsa ló sin a déarthar re Hierusalem, Ná bíodh eagla ort: agus re Sion, Ná bídís do lámha lag.
17
Is cumhachtach an TIGHEARNA do Dhía ann do lár: tárthocha sé, gáirdeocha sé ós do chionnsa lé lúathghair; coimhneocha sé ann a ghrádh, gáirdeocha sé ós do chionn le caintic.
18
Cruinneocha mé an drong atá dóbrónach ar son an choimhthionoil shollamonta, noch atá dhíotsa, dá raibh a mhasla na úalach.
19
Féuch, millfidh mé annsa namsin a nuile dhuine bhuáidhreas sibh: agus tárthocha mé isi atá bacach, agus cruinneochad an bhean do díbreadh amach; agus do gheabha mé moladh agus clú dhóibh ann gach aóintír ionar cuireadh náire orra.
20
Annsa namsin do bhéara mé, ar bhur nais sibh, eadhon annsa nam a cruinneocha mé sibh: óir do dhéana mé aium agus moladh dhibh eidir uile dhaóinibh na talmhan, an tan iompochus mé arais bhur ndaóirsine as coinne bhur súl, a deir an TIGHEARNA.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
All chapters:
1
2
3