bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Zephaniah 2
Zephaniah 2
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 3 →
1
Cruinnighidh sibh féin a bhfochair a chéile, aseadh, cruinnighidh a ccionn a chéile, a chineadh neamhdhúileamhuil;
2
Suil bhéaras a nfuagra amach, suil imeachus an lá mar an ccáithleach, suil thiucfas lá fearg bhorb an TIGHEARNA oruibh, suil thiucfas lá feirge an TIGHEARNA oruibh.
3
Iarruidh an TIGHEARNA, sibhsi a uile dhrong ceannsa na talmhan, noch doibrigh a bhreitheamhnus; íarruidh fíreantachd, iarruigh macántachd: do bfeídir go bhfoileochtháoi síbh a ló fheirge an TIGHEARNA.
4
¶ Oír tréigfighear Gása, agus biáidh Ascélon na díamhaireachd: dibeoruid Asdod amach san meadhón laói, agus tochalthar Ecron as a freímh.
5
A mhairg do lucht áitrighthe chósta na fairge, cíneadh na Cheretíteach! atá focal an TIGHEARNA bhur naghaidh; a Chanaan, a dhúthaigh na Bhphilistinéach, scriosfa mé thusa go dearbhtha, iondus nach biáidh áitreabhthach ar bith ionnad.
6
Agus béid cóstadha na fairge na náitibh comhnuighe agus na mbothaibh ag áodhairibh, agus na máinreachaibh ag tréuduibh.
7
Agus bíaidh an costa aig fuighioll thighe Iudah; biathfuid air: a ttighthibh Ascélon luighfid síad síos tráthnóna: óir cúairteachuidh an TIGHEARNA a Ndía íad, agus fillfidh sé a ndáoirsine úatha.
8
¶ Do chúala mé masla Mhóab, agus cáintéoireachd chloinne Ammon, lé ar mhasluigheadar mo dháoine, agus lé ar mhóruigheadar íad feín a naghaidh a tteórann.
9
Uimesin fa mar mhairim, a deir TIGHEARNA na slógh, Día Israel, Go deimhin biaidh Móab mar Shodom, agus clann Ammon mar Ghomorrah, eadhon na mathair neantog, agus na poll salumn, agus na háonranachd shiórruidhe: millfidh íardhráoi mo dhaóine íad, agus sealbhochuid íarsma mo dhaóine íad.
10
Isé so do gheabhuid ar son a núabhair, do bhrígh gur mhasluigheadar agus gur mhóradar íad féin a naghaidh dhaóine THIGHEARNA na slógh.
11
Bíaidh an TIGHEARNA úathbhásach dhóibh: óir cuirfidh sé uile dhée na talmhan do ghorta; agus aidheoruid dáoine eision, gach áonduine as a ionad féin, eadhon uile oilén na ngeinteadh.
12
¶ Sibhsi a Etíopianuigh mar an ccéadna, muirfighear sibh le mo chloidheamhsa.
13
¶ Agus sínfidh sé a lámh amach a naghaidh an tuáisceart, agus scriosfuidh sé a Nassíria; agus do dhéanuidh Ninebheh na háonránachd, agus tirim mar fhásach.
14
Agus luighfid tréuda iona lár, uile bheathácha na ccineadhach: coideoluigh an fíachfairge ar áon agus an bunnán léana iona lindéribh úachtaracha; cánfa a ngúth annsna fuinneogaibh; biáidh áonranachd annsna tairsighibh: oir nochtfuidh sé a nóbair céadair.
15
Isí so an chathair lúathgháireach do chomhnuigh neamhchúramach, a dubhairt iona croidhe, Atáimse, agus ní bhfuil ann achd mé: cionnus do rinneadh fásach dhí, na háit aig beathachaibh chum luighe síos innte! gach uile duine ghabhus láimh ría déana sé feadalach, agus croithfidh a lámh.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3