bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
2 Corinthians 11
2 Corinthians 11
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 12 →
1
Ba mhian liom go bhféadfadh sibh beagán dith‐céille d’fhulang uaim: acht cheana atá sibh ag fulang liom.
2
Óir atáim éadmhar libh le h‐éad diadha: óir thugas le pósadh sibh d’fhear amháin, chum sibh do thabhairt mar mhaighdin gan smál do Chríost.
3
Acht is eagal liom, fá mar mheall an nathair Éabha le n‐a ghliocas, go dtruailleochaidhe bhur smaointe ar aon chor ó’n tsimplidheacht agus ó’n ngeanmnaidheacht i dtaobh Chríost.
4
Óir má thagann duine ag seanmóiriú Chríost eile nár sheanmóruigheamair‐ne, nó má ghlacann sibh spiorad eile nár ghlacamar leis, nach breagh mar fhulaingeann sibh leisean?
5
Óir measaim nach bhfuil tosach ag na h‐abstalaibh mór‐luachacha úd orm‐sa.
6
Acht má’s fíor féin gur beag le rádh fá chainnt mé, ní mar sin dom fá eolas: mar do chruthuigheamar ’n‐bhur measc é go h‐iomlán ar gach slighe.
7
Nó ar pheacadh dhom m’ísliú féin chum sibh d’árdú? de chionn gur sheanmóruigheas soiscéal Dé i n‐aisce dhaoibh?
8
Do chreachas eaglaisí eile, ag glacadh tuarastail uatha chum seirbhís do dhéanamh dhaoibh‐se;
9
agus nuair do bhíos ’n‐bhur láthair, agus mé i ngábhatar, ní rabhas mar ualach ar aon duine; óir na bráithre, ag teacht ó’n Maicheadóin dóibh, thugadar dom gach a raibh i n‐éasnamh orm; agus ar gach slighe do choisceas mé féin ar bheith mar ualach oraibh, agus coiscfead.
10
Mar tá fírinne Chríost ionnam, ní chuirfidh aon duine stad liom san adhbhar maoidhmheachais seo agam i gcríochaibh Acháia.
11
Cad chuige? Toisc gan grádh bheith agam daoibh‐se? Is ag Dia atá a fhios sin.
12
Acht an méid do‐ghním, leanfad de, chum nach dtugad faill do’n dream gur mian leo faill d’fhágháil; chum go bhfaighfidhe iad bheith chómhchosmhail linne i dtaobh an nidh atá mar adhbhar maoidhmheachais aca.
13
Óir is abstail bhréige a leithéidí sin, oibridhthe mealltacha, g‐á gcur féin i gcló abstal Chríost.
14
Agus ní h‐aon iongnadh é sin; mar chuireann Sátan féin cló aingil solais air féin.
15
D’á bhrigh sin, ní h‐aon rud mór a sheirbhísigh bheith g‐á n‐aistriú féin i gcló seirbhíseach fíréantachta mar an gcéadna; dream gur do réir a ngníomhartha bhéas a gcríoch dhéidheannach.
16
Adeirim arís, Ná measadh aoinneach gur duine dith‐céillidhe mé; má mheasann sibh‐sé e, glacaidh liom mar dhuine dith‐céillidhe, agus leigidh dhom beagán maoidhmheachais do dhéanamh.
17
An méid adeirim, ní do réir an Tighearna adeirim é, acht mar bhéadh do réir dith‐céille, le teann maoidhmheachais.
18
Ó thárla a lán bheith ag maoidheamh do réir na colna, maoidhfead‐sa mar an gcéadna.
19
Óir sibh‐se atá chómh céillidhe sin, fulaingeann sibh go fonnmhar le lucht dith‐céille.
20
Óir má chuireann duine fá dhaoirse sibh, má chreachann sé sibh, má mheallann sé sibh, má éirigheann sé uaibhreach, má bhuaileann sé san éadan sibh, fulaingeann sibh leis.
21
Labhraim ’gam’ cháineadh féin, amhail mar bhéimís ro‐lag. Acht má tá adhbhar dánaidheachta ag duine ar bith (ag labhairt go dith‐céillidhe atáim) atáim‐se dána, leis.
22
An Eabhraidhigh iad‐san? Is eadh mise, leis. An Israelítigh iad? Is eadh mise, leis. An clann Abrachaim iad? Is eadh mise, leis.
23
An seirbhísigh Chríost iad (ag labhairt mar dhuine atá as a chéill atáim), is mó ’ná sin mise; ní ba dhúthrachtaighe i saothar, i bpríosúnaibh ní ba mhinicighe, dom’ sciúirseadh as miosúr, i mbaoghal báis go minic.
24
Fuaras dhá fhichid buille, acht ceann amháin, cúig uaire ó na h‐Iúdachaibh.
25
Do buaileadh le slataibh trí h‐uaire mé, do gabhadh de chlochaibh orm uair amháin, d’fhulaingeas long‐bhriseadh trí h‐uaire, do chaitheas lá go n‐oidhche ar an aibhéis mhóir;
26
go minic ar turasaibh, i ngábhadh aibhne, i ngábhadh ó ghadaidhthibh, i ngábhadh óm’ chineadh féin, i ngábhadh ó na Págánachaibh, i ngábhadh i mbailtibh móra, i ngábhadh san bhfásach, i ngábhadh mara, i ngábhadh i measc bráthar bréige;
27
i saothar agus i gcruadhtan, i bhfaireachán go minic, i dtroscadh go minic, fá ocras agus fá lomnochtaighe.
28
I gcionn na neithe sin taobh amuigh dhíom, atá an gnó bhíos ’gam’ chrádh gach lá, imnidhe fá na h‐eaglaisibh uile.
29
Cia h‐é atá lag gan mise bheith lag? Cia h‐é go mbaintear tusleadh as, agus nach mbím dom’ loscadh?
30
Má chaithfead maoidhmheachas do dhéanamh, is as neithibh bhaineas lem’ laige mhaoidhfead.
31
Atá a fhios ag Dia, ag Athair an Tighearna Íosa Críost atá beannuighthe go síorraidhe, nach bréag atáim d’innsint.
32
I nDamaisc dom, an goibhearnóir atá fá cheannas Arétais rí, do chonbhuigh sé gárda ar chathair na nDámaisceach, d’fhonn mise do ghabháil:
33
agus do leigeadh mé síos tré fhuinneoig i gciseán le h‐ais an bhalla, gur éaluigheas ó n‐a lámhaibh.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13