bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
2 Corinthians 3
2 Corinthians 3
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 4 →
1
An ag tosnú arís ar ár moladh féin atáimíd? nó an bhfuil gabhadh againn le litreachaibh molta chugaibh nó uaibh, mar tá ag daoinibh áirithe?
2
Is sibh‐se ár litir, atá scríobhtha ’n‐ár gcroidheachaibh, atá d’á thuigsin agus d’á léigheamh ag an uile dhuine;
3
mar is léir gur sibh litir Chríost do cuireadh fá n‐ár gcúram, litir do scríobhadh, ní h‐é le dubhach, acht le Spiorad Dé bhí; ní h‐é ar tháibhléadaibh cloiche, acht ar tháibhléadaibh feola.
4
Agus is tré Chríost atá an mhuinighin seo againn i dtaobh Dé:
5
ní h‐é gur féidir linn éinnidh d’áireamh mar bhéadh uainn féin; acht is ó Dhia thig ár gcumas;
6
is é thug éifeacht dúinn, leis, chum bheith ’n‐ár seirbhíseachaibh do thiomna nua; ní h‐é do réir na litre, acht do réir an spioraid; óir marbhann an litir, acht do‐bheir an spiorad beatha.
7
Agus miniostrálacht an bháis, atá greanta ’n‐a litreachaibh ar chlochaibh, má tháinig sí le glóir, i riocht nárbh fhéidir le clannaibh Israel féachaint go grinn ar ghnúis Mhaoise, mar gheall ar ghlóir a ghnúise: glóir do bhí ag dul i n‐éag:
8
cad chuige nach mbéadh glóir is mó ’ná sin ag miniostrálacht an spioraid?
9
Óir má tá miniostrálacht an damnuighthe glórmhar, is mó ’ná sin go mór atá miniostrálacht na fíréantachta glórmhar.
10
Óir an nidh do‐rinneadh glórmhar, is dearbh nach ndearnadh é glórmhar san gcás so, mar gheall ar an nglóir is fearr.
11
Óir an nidh do bhí ag dul i n‐éag, má bhí sé glórmhar, is mó ’ná sin go mór glóir an nidh atá buan.
12
Ó thárla a leithéid seo de mhuinighin bheith againn, labhraimíd as cainnt an‐dána,
13
agus ní fhuilmíd mar bhí Maois, do chuir folach ar a ghnúis, chum nach ndearcfadh clanna Israel go grinn ar dheireadh a raibh ag dul i n‐éag:
14
acht do bhí a n‐aigne dallta, óir go dtí an lá so féin, le linn léighte an tseantiomna, fanann an folach céadna gan tógáil: folach atá curtha ar neamh‐nidh i gCríost.
15
Acht go dtí an lá so, nuair léightear Maois, luigheann folach ar a gcroidhe.
16
Acht nuair chasfaidh siad chum an Tighearna, tógfar an folach díobh.
17
Anois is é an Tighearna an Spiorad; agus an áit ’n‐a bhfuil Spiorad an Tighearna, is ann atá saoirse.
18
Acht sinne uile, ag dearcadh, mar bhéadh i scathán, ar ghlóir an Tighearna, gan folach bheith ar ár ngnúis, atáimíd d’ár n‐aistriú san íomháigh chéadna ó ghlóir go glóir, mar bhéadh ó’n Tighearna an Spiorad.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13