bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
2 Corinthians 13
2 Corinthians 13
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
1
Is í seo an treas uair dom ag teacht chugaibh. Ar fhiadhnaise beirte nó triúir bunóchar gach focal.
2
Adubhras libh cheana nuair bhíos láithreach an dara h‐uair, agus anois, ar mbeith as láthair dom, fógraim do na daoinibh do rinne peacadh, agus do na daoinibh eile, má thagaim arís, nach ndéanfad truagh dhaoibh;
3
ó tá sibh ag iarraidh a chruthú gur ab é Críost atá ag labhairt ionnam; an té nach bhfuil lag ’n‐bhur dtaobh, acht atá cumhachtach ’n‐bhur measc.
4
Óir má’s fíor gur céasadh é tré laige, maireann sé beo tré chumhacht Dé. Óir atáimíd féin lag i n‐éinfheacht leis, acht mairfimíd beo i n‐éinfheacht leis de bhárr cumhachta Dé ’n‐bhur dtaobh.
5
Scrúduighidh sibh féin, d’fhéachain an bhfuil sibh san gcreideamh; déanaidh fromhadh oraibh féin. Nó nach bhfuil a fhios agaibh féin go bhfuil Íosa Críost ionnaibh? munab amhlaidh gur daoine iondamanta sibh.
6
Acht atá súil againn go dtuigfidh sibh nach daoine iondamanta sinne.
7
Anois athchuinghim ar Dhia nach ndéanfaidh sibh olc ar bith; ní h‐é chum go measfaidhe sinn bheith ionmholta, acht le fonn go ndéanfaidh sibh‐se an chóir, agus go measfaidhe sinne bheith iondamanta.
8
Óir ní féidir linn éinnidh do dhéanamh i n‐aghaidh na fírinne, acht ar son na fírinne.
9
Óir bíonn luthgháir orainn nuair bhímíd lag, agus sibh‐se bheith láidir: agus is é rud ghuidhmíd, sibh‐se bheith foirbhthe ar fad.
10
D’á bhrigh sin atáim ag scríobhadh na neithe seo, agus mé as láthair, fá mar thug an Tighearna ughdarás chum leasuighthe, agus ní chum leagtha dhom.
11
I ndeireadh scéil, a bhráithre, slán agaibh. Bidhidh foirbhthe, bíodh meisneach agaibh; bidhidh ar aon intinn le chéile; cómhnuighidh i síothcháin: agus fanfadh Dia an ghrádha agus na síothchána agaibh.
12
Beannuighidh d’á chéile le póig naomhtha.
13
Beannuigheann na naoimh go léir daoibh.
14
Go raibh grása an Tighearna Íosa Críost, agus grádh Dé, agus comaoin an Spioraid Naoimh agaibh go léir.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13