bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
2 Thessalonians 1
2 Thessalonians 1
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 2 →
1
Pól, agus Silbhánus, agus Timóteus chum eaglaise na dTesaloníceach i nDia ár nAthair agus san Tighearna Íosa Críost:
2
grása agus síothcháin daoibh ó Dhia an tAthair agus ó’n Tighearna Íosa Críost.
3
Is dual dúinn buidheachas do thabhairt go síor, do Dhia ar bhur son‐sa, a bhráithre, mar is cuibhe, de bhrigh go bhfuil bhur gcreideamh ag dul i neart, agus grádh gach duine agaibh d’á chéile ag méadú go mór;
4
ionnas go bhfuilmíd féin ag maoidheamh asaibh i n‐eaglaisibh Dé as ucht bhur bhfoidhne agus as ucht bhur gcreidimh i lár gach géirleanamhna agus anró fhulaingeas sibh.
5
Cómhartha ceart‐bhreitheamhnais Dé is eadh é; ionnas go measfaidhe gur fiú sibh ríoghacht Dé, go bhfuil sibh ag fulang ar a son:
6
má’s ceart le Dia buaidhirt do chur mar chúiteamh ar an dream chuireas buaidhirt oraibh‐se,
7
agus suaimhneas i n‐éinfheacht linne do thabhairt daoibh‐se, nuair foillseochar an Tighearna Íosa ó neamh, mar aon le h‐ainglibh a chumhachta,
8
i lasrachaibh teineadh, ag agairt díoghaltais ar an dream nár chuir eolas ar Dhia, agus ar na daoinibh nach n‐umhluigheann do shoiscéal ár dTighearna Íosa:
9
dream gheobhas mar phionós léirscrios síorraidhe ó ghnúis an Tighearna, agus ó ghlóir a chumhachta,
10
nuair thiocfas sé chum glóir d’fhágháil ’n‐a naomhaibh, agus chum bheith mar adhbhar iongantais ag lucht an chreidimh an lá sin (ó creideadh ár bhfiadhnaise dhaoibh).
11
Chuige sin bímíd ag guidhe gan stad ar bhur son, chum go measaidh ár nDia gur fiú sibh bhur ngairm, agus go gcóimhlíonaidh sé gach deagh‐rún chum maitheasa agus gach gníomh creidimh le n‐a chumhacht,
12
chum go nglóirightear ainm an Tighearna Íosa ionnaibh, agus go nglóirightear sibh‐se ann, do réir grása ár nDé agus ár dThighearna Íosa Críost.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3