bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
2 Thessalonians 3
2 Thessalonians 3
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
1
I ndeireadh scéil, a bhráithre, guidhidh orainne, chum go leathaidh briathar an Tighearna, agus go nglóirightear é, mar tá d’á dhéanamh agaibh‐se;
2
agus chum go saorfar sinn ó dhaoinibh míréasúnta, cuirptheacha; óir ní h‐é gach aon duine go bhfuil an creideamh aige.
3
Acht atá an Tighearna creideamhnach; is é dhaingneochas sibh agus choimheádfas slán ó’n ainspiorad sibh.
4
Agus atá muinighin againn as an Tighearna ’n‐bhur dtaobh, go bhfuil sibh ag déanamh na neithe órduighmíd, agus go ndéanfaidh sibh iad.
5
Agus go dtreoruighidh an Tighearna bhur gcroidheacha chum grádha Dé, agus chum foidhne Chríost.
6
Órduighmíd daoibh anois, a bhráithre, i n‐ainm ár dTighearna Íosa Críost, druidim ó gach bráthair atá ag maireachtain go fallsa, agus nach do réir an teagaisc fuaradar uainne.
7
Óir is eol daoibh féin cionnas ba cheart daoibh aithris do dhéanamh orainne: óir níor iomcharamar sinn féin go fallsa ’n‐bhur measc;
8
agus níor itheamar arán aon duine i n‐aisce, acht ag obair go cruaidh, dóchamhlach, d’oidhche agus de ló, chum nach mbéimís mar ualach ar aon duine agaibh.
9
Ní h‐é nárbh é ár gceart é, acht chum sompla do thabhairt daoibh, chum go ndéanfadh sibh aithris orainn.
10
Óir nuair bhíomar ’n‐bhur bhfochair féin, ba é ár n‐órdú dhaoibh, Munab áil le h‐aoinneach obair do dhéanamh, nár itheadh sé.
11
Óir is clos dúinn go bhfuil daoine ’n‐bhur measc chaitheas a saoghal go fallsa, gan obair do dhéanamh, acht iad ag tabhairt a n‐aire do ghnóthaibh daoine eile.
12
Anois órduighmíd d’á leithéidibh sin, agus spreagaimíd tríd an Tighearna Íosa iad, saothrú le ciúnas, agus a gcuid aráin féin d’ithe.
13
Acht, a bhráithre, ná bidhidh‐se tuirseach ag déanamh maitheasa.
14
Agus má tá aon duine nach n‐umhluigheann d’ár bhfocal san eipistil seo, tabhraidh aire do’n duine sin, gan dul ’n‐a chuideachtain, chum go gcuirfidhe náire air.
15
Acht ’n‐a dhiaidh sin, ná breathnuighidh air mar bhéadh námha ann, acht cómhairligh leis amhail bráthair.
16
Anois go dtugaidh Dia na síothchána síothcháin daoibh i gcómhnaidhe ar an uile shlighe. Go raibh an Tighearna libh go léir.
17
Beannuighim‐se Pól daoibh lem’ láimh féin. Is é mo chómhartha i ngach eipistil é: mar sin scríobhaim.
18
Go raibh grása ár dTighearna Íosa Críost libh go léir.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
All chapters:
1
2
3