bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
2 Thessalonians 2
2 Thessalonians 2
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 3 →
1
I dtaobh a mbaineann le teacht ár dTighearna Íosa Críost, agus le n‐ár gcómhchruinniú fá n‐a chómhair,
2
impidhmíd oraibh, a bhráithre, gan leigean d’bhur n‐aigne bheith corruighthe go luath, ná bheith buaidheartha ag spiorad, nó ag focal, nó ag eipistil, mar bheadh uainne, g‐á rádh go bhfuil lá an Tighearna ann de láthair.
3
Ná mealladh aoinneach ar aon chuma sibh; óir ní foláir tréigean an chreidimh do theacht ar dtús,
4
agus nochtadh fir an pheacaidh, an mac mallachtan árduigheas é féin os cionn gach a dtugtar Dia mar ainm air, nó go ndéantar adhradh dhó; ar mhodh go suidheann sé i dteampall Dé, g‐á chur i gcéill gur Dia é féin.
5
Nach cuimhin libh gur inniseas an méid sin daoibh nuair bhíos ’n‐bhur bhfochair?
6
Agus is eol daoibh anois créad atá ag cur coisc leis, chum nach nochtfar é go dtí n‐a am féin.
7
Óir atá rúindiamhair na míriaghaltachta ag oibriú cheana féin: acht caithfear an té atá ag cur coisc leis do thógáil as an slighe.
8
Annsin is eadh foillseochar an duine míriaghalta go marbhóchaidh an Tighearna Íosa le h‐anáil a bhéil é, agus go scriosfaidh sé le n‐a theacht agus le n‐a thaidhbhsiú é.
9
Is é sin an té go mbéidh a theacht do réir gníomhachais Shátain, le cumhacht, agus le míorbhailtibh, agus le h‐iongantaisibh bréige,
10
agus le gach ceilg dá gcuireann an cuirptheacht ar an dream d’á bhfuil an scrios i ndán; toisc nár ghlacadar grádh na fírinne, chum go slánóchaidhe iad.
11
Agus ar an adhbhar sin cuireann Dia fá chumhacht mearbhaill iad, chum bréag do chreideamhain:
12
chum gach dream nár chreid an fhírinne acht do chuir dúil san éagcóir, do thabhairt fá bhreitheamhnas.
13
Acht is dual dúinn buidheachas do thabhairt do Dhia go síor ar bhur son‐sa, a bhráithre ionmhain leis an Tighearna, de bhrigh gur thogh Dia ó thosach sibh chum slánuighthe tré naomhú an Spioraid, agus tré chreideamh san bhfírinne.
14
Chuige sin is eadh do ghlaodh sé tré n‐ár soiscéal sibh, chum glóir ár dTighearna Íosa Críost d’fhágháil.
15
Uime sin, a bhráithre, seasuighidh go daingean, agus congbhuighidh gach ar múineadh dhaoibh le briathar béil, nó le h‐eipistil uainne.
16
Anois go dtugaidh ár dTighearna Íosa Críost féin agus Dia ár nAthair, do ghrádhuigh sinn, agus thug sólás síorraidhe agus deagh‐dhóchas dúinn tré ghrása, go dtugaidh sé sólás croidhe dhaoibh,
17
agus go neartuighidh sé i ngach deagh‐ghníomh agus i ngach deagh‐fhocal sibh.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3