bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Acts 17
Acts 17
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 18 →
1
Annsin, ag gabháil tré Amfipolis agus tré Apollónia dhóibh, thángadar go Tessaloníca, mar a raibh sionagóg ag na h‐Iúdachaibh:
2
agus do chuaidh Pól isteach chuca, mar ba ghnáth leis, agus ar feadh trí lá sabóide, do bhí sé ag diospóireacht leo as na scrioptúiribh,
3
g‐á mhíniú agus g‐á áiteamh gurbh éigean do’n Chríost fulang, agus éirghe ó na marbhaibh; agus gur ab é an t‐Íosa so, fhógraim‐se dhaoibh, an Críost.
4
Agus do bhí cuid aca do chreid, agus do ghabhadar le Pól agus le Sílas; agus ortha‐san do bhí a lán mór de na Gréagachaibh diadha, agus cuid nár bheag de na mnáibh uaisle.
5
Acht do las éad na nIúdach, agus do chruinnigheadar daoine de dhíogha an phobail, agus do bhailigheadar sluagh, agus do chuireadar an chathair i n‐achrann a chéile; agus d’ionnsuigheadar teach Iásóin, ag iarraidh iad‐san do thabhairt amach chum an phobail.
6
Agus nuair nach bhfuaradar iad, do tharraingeadar Iásón agus cuid de na bráithreachaibh i láthair riaghlóir na cathrach, g‐á rádh, Na daoine seo go bhfuil an domhan bun os cionn aca, atá siad tagtha go dtí an áit seo, leis.
7
Do ghlac Iásón isteach iad: agus atáid uile ag cur i gcoinnibh reachta Chéasair, g‐á rádh go bhfuil rí eile ann, Íosa.
8
Agus do bhaineadar corruighe mór as an bpobal agus as riaghlóiribh na cathrach, nuair do‐chualadar na neithe sin.
9
Agus nuair do bhaineadar banna de Iásón agus de’n chuid eile, do scaoileadar uatha iad.
10
Agus do chuir na bráithreacha Pól agus Sílas uatha gan mhoill san oidhche, go Beréa: agus ar sroichint dóibh, do chuadar isteach i sionagóig na nIúdach.
11
Agus bhíodar‐san ní ba uaisle ’ná na daoine do bí i dTessaloníca, agus do ghlacadas an briathar go díoghraiseach, ag cuardach na scrioptúir gach lá d’fhéachain an raibh na neithe sin amhlaidh.
12
Do chreid mórán díobh‐san, agus de na mnáibh uaisle Gréagacha, agus cuid nár bheag de na fearaibh.
13
Acht nuair fuair na h‐Iúdaigh i dTessaloníca fios scéil go raibh Pól ag craobhscaoileadh briathair Dé i mBeréa, leis, tháinig siad annsin mar an gcéadna, ag gríosadh agus ag saighdeadh na ndaoine.
14
Annsin gan mhoill do chuir na bráithreacha Pól uatha i dtreo na fairrge: acht d’fhan Sílas agus Timóteus ’n‐a dhiaidh.
15
Agus na daoine go raibh Pól fá n‐a gcúram aca thugadar leo é chómh fada le Cathair na h‐Aithne: agus tar éis teachtaireacht chum Sílas agus chum Timóteus d’fhágháil ag iarraidh ortha teacht chuige chómh luath agus d’fhéadfaidís, d’imthigheadar.
16
An fhaid do bhí Pól ag fanamhain leo i gCathair na h‐Aithne, do bhí a spioraid d’á corrú ann, agus é ag féachain ar an gcathair agus í lán d’íodhalaibh.
17
D’á bhrigh sin do bhíodh sé ag diospóireacht san tsionagóig leis na h‐Iúdachaibh agus leis na daoinibh diadha, agus leo‐san do casadh leis gach lá i n‐áit an mhargaidh.
18
Agus do bhíodh cuid d’fheallsamhnaibh na nEpicúrach agus na Stóiceach ag conspóid leis. Agus adubhairt cuid aca, Créad atá le rádh ag an duine cainnteach so? Adubhairt cuid eile, Is cosmhail gur duine é atá ag fógairt déithe coimhightheach: toisc go raibh sé ag innsint i dtaobh Íosa agus i dtaobh an aiséirghe.
19
Agus rugadar air, agus do thógadar é go dtí an t‐Aréopagus, g‐á rádh, An bhféadaimíd a fhios d’fhágháil caidé an teagasc nua so atá agat d’á thabhairt?
20
Óir is aisteach linn na scéala atá agat d’á gcur ’n‐ár gcluasaibh: ba mhaith linn a fhios bheith againn caidé is ciall dóibh.
21
(Óir n’ raibh de chaitheamh aimsire ag lucht na h‐Aithne agus ag na coimhthigheachaibh do bhíodh ’n‐a gcómhnaidhe annsin, acht bheith ag innsin nó ag clos nidh úr‐nua éigin.)
22
Agus do sheas Pól i lár an Aréopaguis, agus adubhairt sé, A mhuinntear Chathrach na h‐Aithne, do‐chím go bhfuil sibh, ins gach slighe, an‐chráibhtheach.
23
Óir san tsiubhal dom, agus mé ag féachain ar na neithibh adhras sibh, fuaras altóir ar a raibh an inscríbhinn seo, DO’N DIA ANAITHNID. An té úd adhras sibh gan aithne bheith agaibh air, fógraim daoibh é anois.
24
An Dia do‐rinne an domhan agus a bhfuil ann, ó’s é Tighearna neimhe agus talmhan é, ní chómhnuigheann sé i dteampallaibh do‐rinneadh le lámhaibh;
25
agus fós ní déantar seirbhís dó le lámhaibh daoine, mar bhéadh gábhadh aige le nidh ar bith, óir is é féin do‐bheir anam, agus anál, agus gach uile nidh do chách;
26
agus do‐rinne sé ó aon duine amháin an cineadh daonna uile, chum bheith ’n‐a gcómhnaidhe ar uachtar na talmhan, agus do cheap sé dhóibh a dtréimhse agus a dteoranta;
27
d’fhonn go loirgfidís Dia, dá mbéadh ar chumas dóibh a chuardach agus a fhágháil, gidh nach bhfuil sé i bhfad ó aon duine againn:
28
óir is ann mhairimíd, agus chorruighmíd, agus atáimíd; fá mar adubhairt daoine de bhúr bhfilibh féin, Óir is d’á shliocht‐san sinn.
29
D’á bhrigh sin, ó’s de shliocht Dé sinn, ní cóir dhúinn a mheas gur cosmhail Dia le h‐ór, ná le h‐airgead, ná le cloich, do greanadh le h‐ealadhain nó le h‐inntleacht daonna.
30
Do leig Dia aimsear an ainbhfiosa thairis, acht anois atá sé g‐á fhógairt do na daoinibh ins gach aon áit aithrighe do dhéanamh:
31
de bhrigh go bhfuil lá ceaptha aige ’n‐a dtiubhraidh sé breitheamhnas de réir cirt ar an saoghal tríd an bhfear atá réamh‐órduighthe aige; agus do dhearbhuigh sé é do gach uile dhuine, g‐á thógáil ó na marbhaibh.
32
Acht nuair do‐chualadar trácht ar aiséirghe na marbh, do bhí cuid aca do‐rinne magadh; acht bhí cuid eile adubhairt, Éistfimíd leat uair éigin eile ’n‐a thaobh sin.
33
D’imthigh Pól uatha mar sin. Acht do bhí fir áirithe do chlaoidh leis,
34
agus do chreid: ortha‐san do bhí Díonusios an t‐Aréopagíteach, agus bean darbh ainm Damaris, agus daoine eile nach iad.
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 18 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28