bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Acts 26
Acts 26
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 25
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 27 →
1
Annsin adubhairt Agrippa le Pól, Tá cead cainnte ar do shon féin agat. Agus do shín Pól amach a lámh, agus do labhair sé g‐á shaoradh féin:
2
Measaim gur maith an bhail orm, a rí Agrippa, go bhfuil orm mo chosaint féin id’ láthair indiu ar na neithibh go léir atá curtha ag na h‐Iúdachaibh im’ leith:
3
go h‐áirithe go bhfuil lán‐eolas agat ar gach gnáth‐nós agus ar gach ceist bhaineas leis na h‐Iúdachaibh: uime sin impidhim ort éisteacht go foighdeach liom.
4
Atá aithne ag na h‐Iúdachaibh ar an saoghal do chaitheas óm’ óige, gur i lár mo chinidh féin ó thosach, agus i nIarúsalem, do chaitheas é.
5
Is eol dóibh ó thús, dá mba mhaith leo a dheimhniú, gur mhaireas im’ Fhairisíneach de réir riaghlach na h‐aicme is mó dírigheacht ’n‐ár gcreideamh.
6
Agus anois atáim im’ sheasamh annso dom’ chionntú fá’n dóchas go gcóimhlíonfaidhe an gheallamhain thug Dia d’ár sinnsearaibh:
7
go bhfuil ár ndá threibh déag ag súil leis, ag déanamh seirbhíse do Dhia go dúthrachtach, de ló agus d’oidhche. Agus is i dtaobh an dóchais seo, a rí, go bhfuil na h‐Iúdaigh ’gam’ chionntú!
8
Cad chuige a measann sibh gur dí‐chreidte an nidh go n‐aithbhcodhann Dia na mairbh?
9
Do cheapas féin go raibh sé de dhualgas orm mórán neithe do dhéanamh i n‐aghaidh ainme Íosa Nasardha.
10
Mar sin do‐rinne mé i nIarúsalem: agus do chuireas mórán naomh fá ghlas i bpríosúnaibh, tar éis ughdarás d’fhágháil ó na h‐árd‐shagartaibh, agus nuair bhídís d’á gcur chum báis, thugas guth ’n‐a n‐aghaidh.
11
Agus thugas pionós go minic dóibh ins na sionagógaibh go léir, agus do‐rinneas iarracht fá dhia‐mhasladh do bhaint asta; agus leis an dearg‐bhuile do bhí orm ’n‐a gcoinnibh, do‐rinneas géirleanamhain ortha go dtí na cathracha coigríocha.
12
Ag dul fá dhéin Damascuis dom ar an intinn sin le h‐ughdarás agus le barántas na n‐árd‐shagart,
13
ar uair an mheadhon‐lae, a rí, do chonnacas ar an tslighe dhom solas ó neamh, ba ghile ’ná lonnradh na gréine, ag soillsiú im’ thimcheall‐sa agus i dtimcheall na ndaoine do bhí ag taisteal i n‐éinfheacht liom.
14
Agus do thuiteamar uile ar an talamh, agus d’airigheas an guth g‐á rádh liom san teangain Eabhra, A Shaul, a Shaul, cad chuige dhuit bheith ’gam’ ghéirleanamhain? Is deacair dhuit bheith ag speachghail i n‐aghaidh an phriocaire. Agus adubhras‐sa, Cia thusa, a Thighearna?
15
Agus adubhairt an Tighearna, Is mise Íosa go bhfuil tú g‐á ghéirleanamhain.
16
Acht éirigh, agus seas ar do chosaibh: óir is chuige seo do thaisbeánas mé féin duit, chum go n‐órdóchainn thú id’ sheirbhíseach agus id’ fhiadhnaidhe ar na neithibh do chonnaicis, agus ar na neithibh ’n‐a nochtfaidh mé mé féin duit;
17
’gad’ thabhairt slán ó’n bpobal, agus ó na Cineadhachaibh, go bhfuilim ’gad’ chur chuca,
18
le n‐a súilí d’fhoscailt, chum go n‐iompóchaidís ó’n dorchadas chum an tsolais, agus ó chumhacht Sátain chum Dé, go bhfaighdís maitheamhnas na bpeacadh agus oighreacht i measc na ndaoine naomhthar tré chreideamh ionnaim‐se.
19
Uime sin, a rí Agrippa, níor dhiúltas do’n radharc neamhdha:
20
acht do chraobhscaoileas do mhuinntir Dhamascuis ar dtús, agus i nIarúsalem, agus ar fud dúithche Iúdaea, agus do na Cineadhachaibh, go ndéanfaidís aithrighe agus go n‐iompóchaidís chum Dé, ag déanamh gníomhartha de réir na h‐aithrighe.
21
Ba é sin an fáth go rug na h‐Iúdaigh orm san teampall, agus go dtugadar iarracht fám’ mharbhadh.
22
Acht, ó fuaras an chabhair thagas ó Dhia, táim im’ sheasamh go dtí an lá so, ag tabhairt fiadhnaise do bheag agus do mhór, gan rud ar bith a rádh acht an méid adubhairt na fáidhe agus Maois do bheith le teacht;
23
go gcaithfeadh an Críost fulang, agus go mba é an chéad duine é d’éireochadh ó na marbhaibh, agus go gcraobhscaoilfeadh sé an solas do’n phobal agus do na Cineadhachaibh.
24
Agus nuair do bhí sé g‐á chosaint féin ar an gcuma sin, adubhairt Féstus de ghuth árd, A Phóil, ar buile atáir; atá do léigheann mór ’gad’ chur as do mheabhair.
25
D’fhreagair Pól, Ní h‐as mo mheabhair atáim, a Fhéstuis oirdheirc; acht is ag labhairt briathar na fírinne agus na céille atáim.
26
Óir atá eolas ag an righ, go bhfuilim ag cainnt go dána leis, ar na neithibh seo; óir ní mheasaim go bhfuil éinnidh díobh so fá cheilt air, óir ní i gcúinne do‐rinneadh é.
27
A rí Agrippa, an gcreideann tú na fáidhe? Atá a fhios agam go gcreideann tú.
28
Agus adubhairt Agrippa le Pól, Is beag nach g‐á aiteamh orm bheith im’ Chríostaidhe atáir.
29
Agus adubhairt Pól, Ba mhian liom, dá mba é toil Dé é, is cuma cia aca a bheag nó a mhór, ní h‐é tusa amháin, acht gach a bhfuil ag éisteacht liom indiu, bheith ar aon dul liom féin, taobh amuigh de na slabhraibh seo.
30
Agus d’éirigh an rí, agus an t‐árd‐riaghlóir, agus Bernicé, agus a raibh ’n‐a suidhe ’n‐a bhfochair:
31
agus nuair bhí siad i leathtaoibh, do labhradar le chéile, g‐á rádh, Ní fhuil an fear so ag déanamh dadaimh thuilleas bás ná cuibhreacha.
32
Agus adubhairt Agrippa le Féstus, D’fhéadfaidhe a shaoirse do thabhairt do’n fhear sin muna mbéadh go ndeachaidh sé ar choimirce Chéasair.
← Chapter 25
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 27 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28