bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Acts 27
Acts 27
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 26
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 28 →
1
Annsin nuair do shocruigheadar go rachaimís fá sheol go dtí an Iodáil, thugadar Pól agus roinn príosúnach eile do cheanntúir darbh ainm Iúlius, de bhuidhin Augustuis.
2
Agus ag dul ar bórd dúinn i luing ó Adramuttium, do bhí d’á seoladh le taobh cósta na h‐Áise, d’imthigheamar ar an bhfairrge, agus Aristárchus, Maiceadónach ó Thessalónica, i n‐éinfheacht linn.
3
Agus an lá ’n‐a dhiaidh sin thángamar go Sidón: agus bhí Iúlius cineálta le Pól, agus thug sé cead dó dul fá thuairisc a charad agus sócamhal d’fhágháil uatha.
4
Agus ag imtheacht dúinn ó’n áit sin, do sheolamar ar scáth Chupruis, mar bhí an ghaoth ’n‐ár gcoinnibh.
5
Agus nuair do sheolamar trasna na fairrge atá ar aghaidh Chilicia agus Phamfilia, thángamar go Murra i Lucia.
6
Fuais an ceanntúir annsin long ó Alecsandria do bhí ag dul go dtí an Iodáil; agus do chuir sé ar bórd uirthi sinn.
7
Agus tar éis loingseoireacht mhall do dhéanamh ar feadh mórán laethe, thángamar ar éigean ar aghaidh Chníduis, agus, ó bhí an ghaoth ’g‐ár gcosc, do sheolamar ar scáth na Créite, láimh le Salmóné;
8
annsin do sheolamar thairis sin le duadh go dtángamar go h‐áit ar a dtugtar na Deagh‐Chuanta; i n‐aice le baile mór Laséa.
9
Agus ó bhí a lán de’n aimsir caithte, agus an loingseoireacht ag éirghe contabhartach, óir do bhí uair an troscaidh thart, thug Pól cómhairle dóibh,
10
agus adubhairt sé leo, A fheara, do‐chítear dom gur mór an díoghbháil agus an dochar, ní h‐é amháin do’n lucht agus do’n luing, acht d’ár n‐anamannaibh féin atá i ndán dúinn ar an aistear so.
11
Acht ba thúisce d’éist an ceanntúir le stiúrthóir agus le máighistir na luinge ’ná le Pól.
12
Agus de bhrigh nach raibh an cuan oireamhnach leis an ngeimhreadh do chaitheamh ann, ba í an chómhairle ar ar chinn a bhfurmhór, imtheacht as chum fairrge, le súil go bhféadfaidís Foinicé, cuan na Créite, shíneas siar ó dheas agus siar ó thuaidh, do bhaint amach, agus an geimhreadh do chaitheamh ann.
13
Agus d’éirigh gaoth bhog andeas, agus do cheapadar go raibh leo, agus do thógadar an t‐ancaire agus sheoladar le h‐ais na Créite, i n‐aice na tíre.
14
Acht níorbh fhada go dtáinig anuas anfadh mór gaoithe ar a dtugtar Eúraculó:
15
agus ó bhí an long d’á scuabadh roimpi, agus nár fhéad sí cur i n‐aghaidh na gaoithe, do leigeamar dí imtheacht roimpi.
16
Agus ag dul isteach dúinn fá scáth oileáin bhig dárbh ainm Clauda, d’éirigh linn le saothar mór an bád do shábháil:
17
agus nuair do bhí sé tógtha ar bórd aca, do‐rinneadar úsáid de théadaibh, g‐á gcur fá’n luing: agus ar eagla go gcaithfidhe iad ar bheo‐ghainimh Shurtis, do leagadar na seolta, agus tiomáineadh sinn ar as gcuma sin.
18
Agus ó bhíomar d’ár suathadh go millteach le neart stoirme, do thosnuigheadar an lá ’n‐a dhiaidh sin ar an luing d’fholmhú;
19
agus an tríomhadh lá do chaitheamar amach táclaí na luinge le n‐ár lámhaibh féin.
20
Annsin ó bhíomar mórán laethe gan solas na gréine ná na réaltan d’fheicsin, agus stoirm an‐mhór ag bualadh orainn, ní raibh aon tsúil againn go dtiocfaimís slán as.
21
Agus ó bhíodar i bhfad gan biadh do chaitheamh, d’éirigh Pól ’n‐a sheasamh ’n‐a lár, agus adubhairt, A fheara, ba cheart daoibh éisteacht liom‐sa, gan imtheacht ó’n gCréit, agus an díoghbháil agus an chaill seo do sheachaint.
22
Acht anois iarraim oraibh meisneach do ghlacadh: ór ní caillfear duine ar bith agaibh, ní caillfear acht an long.
23
Óir do sheas aingeal Dé, gur leis mé, agus d’á ndéanaim seirbhís,
24
lem’ ais anoct, g‐á rádh, Ná bíodh eagla ort, a Phóil; caithfidh tú seasamh i láthair Chéasair: agus féach, atá anamanna na ndaoine uile atá ar an luing bronnta ag Dia ort.
25
D’á bhrigh sin, a fheara, bíodh meisneach agaibh: óir creidim Dia go cinnte, de réir mar adubhradh liom, gur mar sin bhéas.
26
Acht caithfimíd talamh do bhualadh ar oileán éigin.
27
Acht an cheathramhadh h‐oidhche déag, nuair do bhíomar d’ár luascadh siar agus aniar san Adria, timcheall uaire an mheadhon oidhche, do mheas na mairnéalaigh go rabhadar ag tarraing ar thír éigin;
28
agus do leigeadar síos an luaidh, agus fuaradar fiche feadh doimhneachta: agus tar éis scaithimh, leigeadar síos an luaidh arís, agus fuaradar cúig feadha déag.
29
Agus ar eagla go mbuailfimís talamh cairrgeach, do chuireadar amach ceithre h‐ancairí ó chúl na luinge, agus d’fhanadar le gealadh an lae.
30
Agus mar bhí na mairnéalaigh ag iarraidh éalodh ó’n luing, agus an bád thíos ar an bhfairrge aca, g‐á chur i gcéill gur ag cur ancaire amach ó cheann tosaigh na luinge do bhídís,
31
adubhairt Pól leis an gceanntúir agus leis na saighdiúiribh, Muna bhfanaidh siad‐san san luing, ní féidir dhaoibh‐se dul slán.
32
Annsin do ghearr na saighdiúirí téada an bháid, agus do leigeadar dó tuitim ar gcúl.
33
Agus chómh fhad agus bhíodar ag fanamhain le breacadh an lae, d’iarr Pól ortha biadh do chaitheamh, g‐á rádh, Is é seo an ceathramhadh lá déag agaibh ag fanamhain agus sibh ’n‐bhúr dtroscadh, gan aon bhiadh do chaitheamh.
34
Is é mo chómhairle dhaoibh, d’á bhrigh sin, biadh do chaitheamh: óir is é leas bhúr sláinte é: óir ní caillfear ribe gruaige de cheann duine ar bith agaibh.
35
Agus ar n‐a rádh sin dó, do thóg sé arán, agus do ghabh sé buidheachas le Dia ’n‐a bhfiadhnaise go léir: agus do bhris sé é agus do thionnscain sé g‐á ithe.
36
Annsin do ghlacadar meisneach, agus do chaitheadar féin biadh leis.
37
Dhá chéad, trí fichid agus seisear déag ar fad do bhí againn san luing.
38
Agus nuair do bhí a ndóthain ithte aca, d’éadtromuigheadar an long, ag caitheamh na cruithneachtan amach san bhfairrge.
39
Agus nuair bhí solas an lae ann, níor aithnigheadar an tír: acht thugadar fá deara cuan beag agus tráigh ann, agus do cheapadar, dá mb’ fhéidir é, an long do sháthadh isteach uirthi.
40
Agus ag scaoileadh na n‐ancaire dhóibh, d’fhágadar san bhfairrge iad, ar an am céadna do scuradar ceanglach na stiúireann; agus ag árdú an tseoil tosaigh leis an ngaoith, do‐rinneadar ar an tráigh.
41
Acht, ag tuitim i n‐áit ’n‐a raibh dhá fhairrge ag bualadh le chéile, do sháthadar an long san talamh; agus do daingnigheadh tosach na luinge, acht do thosnuigh a deireadh g‐á bhriseadh le tréantuargan na dtonn.
42
Agus ba é cómhairle na saighdiúir na príosúnaigh do mharbhadh, ar eagla go snámhfadh duine aca agus go n‐éalóchadh sé.
43
Acht do bhí a fhonn ar an gceanntúir Pól do shábháil, agus ní leigfeadh sé dhóibh é, agus d’órduigh sé dhóibh‐sean go raibh snámh aca a gcaitheamh amach ar dtús agus an tír do bhaint amach:
44
agus na daoine eile ’n‐a ndiaidh, cuid aca ar chláraibh, agus cuid aca ar neithibh ó’n luing. Agus thárla mar sin, go dtáinig gach duine aca slán chum tíre.
← Chapter 26
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 28 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28