bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Revelation 10
Revelation 10
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 11 →
1
Agus do chonnacas aingeal tréan eile ag teacht anuas ó neamh, néall mar chlúdach air, agus bogha ceatha os a chionn, agus do bhí a ghnúis cosmhail leis an ngréin, agus bhí a chosa cosmhail le colamhnaibh téineadh;
2
agus do bhí leabhar beag ar fhoscailt ’n‐a láimh aige: agus do chuir sé a leath‐chos dheas ar an bhfairrge,
3
agus a leath‐chos chlé ar an talamh; agus do ghlaodh sé de ghuth árd mar bhéiceas leomhan: agus nuair do ghlaodh, do labhair glórthaí na seacht dtóirneacha.
4
Agus nuair do labhair na seacht dtóirneacha, do bhíos ar tí scríobhadh, agus do chualas an glór ó neamh adubhairt, Cuir séala ar na neithibh adubhairt na seacht dtóirneacha, agus ná scríobh iad.
5
Agus an t‐aingeal do chonnacas ’n‐a sheasamh ar an bhfairrge agus ar an talamh, do thóg sé a lámh dheas suas chum neimhe,
6
agus do dhearbhuigh sé ar an té mhaireas go saoghal na saoghal, an té do chruthuigh neamh agus a bhfuil ann, agus an talamh agus a bhfuil ann, agus an fhairrge agus a bhfuil innti,
7
nach mbéidh tuilleadh moille: acht i laethibh glóir an seachtmhadh h‐aingil, nuair thosnuigheas sé ar shéideadh, annsin is eadh cóimhlionfar rúindiamhair Dé, do réir mar d’fhoillsigh sé d’á sheirbhíseachaibh, na fáidhe é.
8
Agus an glór do chualas ag labhairt ó neamh, do labhair sé liom arís, agus adubhairt, Imthigh, glac an leabhar atá ar fhoscailt i láimh an aingil atá ’n‐a sheasamh ar an bhfairrge agus ar an talamh.
9
Agus do chuadhas chum an aingil, agus d’iarras air an leabhar beag do thabhairt dom. Agus adubhairt seisean liom, Glac agus sluig siar é; déanfaidh sé do bholg searbh, acht béidh sé chómh milis le mil id’ bhéal.
10
Agus do ghlacas an leabhar beag as láimh an aingil, agus do shluigeas siar é; agus do bhí sé chómh milis le mil im’ bhéal, acht nuair do bhí sé ithte agam, do rinneadh mo bholg searbh.
11
Agus adubhradh liom, Caithfidh tú tarngaireacht do dhéanamh fós i dtaobh a lán poibleacha, agus cinidheach, agus teangthach, agus righthe.
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 11 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22