bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Revelation 20
Revelation 20
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 21 →
1
Agus do chonnacas aingeal ag teacht anuas ó neamh, agus eochair an duibheagáin agus slabhradh mór ’n‐a láimh aige.
2
Agus rug sé ar an dragún, an tsean‐nathair nimhe, gur ab é an Diabhal agus Sátan é, agus do cheangail sé míle bliadhain é,
3
agus do theilg sé isteach san duibheagán é, agus do dhún sé é, agus chuir sé seala air ionnas nach meallfadh sé na cinidheacha a thuilleadh, nó go raibh deireadh leis an míle bliadhain. ’N‐a dhiaidh sin ní foláir a scaoileadh ar feadh tamaill bhig.
4
Agus do chonnacas árd‐chathaoireacha; agus duine ’n‐a suidhe ionnta go dtugadh de chead dóibh breitheamhnas do thabhairt: agus do chonnacas anmanna na ndaoine do di‐cheannuigheadh ar son fiadhnaise Íosa, agus ar son briathair Dé, agus nach dtug adhradh do’n ainmhidhe, ná d’á íomháigh, agus nár ghlac chuca a marc ar chlár a n‐éadain, ná ar a láimh; agus thángadar ’n‐a mbeathaidh, agus do riaghluigheadar i bhfochair Íosa míle bliadhain.
5
Acht ní tháinig an chuid eile de na marbhaibh ’n‐a mbeathaidh nó go raibh an míle bliadhain istigh. Is í seo an chéad aiséirghe.
6
Is beannuighthe, naomhtha iad‐san go bhfuil páirt aca san gcéad aiséirghe: ní fhuil cumhacht ar bith ag an dara bás ortha; acht béidh siad ’n‐a sagartaibh do Dhia agus do Chríost, agus riaghlóchaidh siad i n‐éinfheacht leis ar feadh míle bliadhan.
7
Agus nuair bhéas deireadh leis an míle bliadhain, scaoilfear Sátan as a phríosún,
8
agus tiocfaidh sé amach chum na gcinidheach atá i gceithre h‐áirdibh an domhain, Góg agus Magóg, do mhealladh agus do chruinniú le chéile chum cogaidh. Ní lia gaineamh na fairrge ’ná iad,
9
agus do chuadar suas tar leithead na talmhan, agus d’iomshuidheadar campa na naomh agus an chathair ionmhain: agus tháinig teine anuas ó neamh, agus do shloig sí iad.
10
Agus do teilgeadh an diabhal do mheall iad isteach i loch na teineadh agus na ruibhe, mar a bhfuil an t‐ainmhidhe agus an fáidh bréige; agus béidh siad d’á gciapadh de ló agus d’oidhche go saoghal na saoghal.
11
Agus do chonnacas righ‐chathaoir mhór, gheal, agus an té do bhí ’n‐a shuidhe innti, gur theich an talamh agus neamh ó n‐a ghnúis; agus ní raibh áit le fágháil dóibh.
12
Agus do chonnacas na mairbh, idir bheag agus mhór, ’n‐a seasamh os cómhair na righ‐chathaoireach; agus do foscladh na leabhair: agus do foscladh leabhar eile, is é leabhar na beathadh é: agus tugadh breitheamhnas ar na marbhaibh as a raibh scríobhtha ins na leabhraibh, do réir a ngníomhartha.
13
Agus thug an fhairrge uaithi na mairbh do bhí innti; agus thug an bás agus Hádes uatha na mairbh do bhí ionnta: agus tugadh breitheamhnas ar gach aon duine aca do réir a ghníomhartha.
14
Agus do teilgeadh an bás agus Hádes amach i loch na teineadh. Is é seo an dara bás.
15
Agus cibé duine nach bhfríth scríobhtha i leabhar na beathadh, do teilgeadh é amach i loch na teineadh.
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 21 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22