bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Revelation 19
Revelation 19
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 20 →
1
’Na dhiaidh sin do chualas mar bhéadh árd‐ghlór mór‐shluaigh ar neamh, g‐á rádh, Allelúia! Is le n‐ár nDia an slánughadh, agus an ghlóir, agus an chumhacht:
2
óir is fírinneach, cóir iad a bhreitheamhnaisí óir atá breitheamhnas tugtha aige ar an méirdrigh mhóir do thruailligh an domhan le n‐a striapachas, agus atá díoghaltas déanta aige ar son fola a sheirbhíseach atá doirtthe ag a láimh.
3
Agus adubhradar Allelúia! an dara h‐uair. Agus éirigheann a deatach i n‐áirde go saoghal na saoghal.
4
Agus do thuit an ceathrar agus fiche seanóir agus na ceithre h‐ainmhidhthe síos, agus d’adhradar Dia atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, g‐á rádh, Amen; Allelúia!
5
Agus tháinig glór amach ó’n righ‐chathaoir, g‐á rádh, Molaidh ár nDia, sibh‐se uile, a sheirbhíseacha, agus sibh‐se, idir bheag agus mhór, go bhfuil eagla oraibh roimhe.
6
Agus do chualas mar bhéadh glór mór‐shluaigh, agus mar béadh torann uiscí iomdha, agus mar bhéadh torann tóirnighe tréine, g‐á rádh Allelúia! óir riaghluigheann an Tighearna, ár nDia Uile‐chumhachtach anois.
7
Bíodh árd‐áthas agus luthgháir mhór orainn, agus tugaimís glóir dó: óir atá bainis an Uain tagtha, agus atá a bhean ullamh.
8
Agus tugadh de chéad di í féin do chlúdú le línéadach mín‐gheal, glan‐úr: óir is é an línéadach mín gníomhartha fíréanta na naomh.
9
Agus adubhairt sé liom, Scríobh, Is beannuighthe na daoine fuair cuireadh chum suipéir bainse an Uain. Agus adubhairt sé liom, Briathra fírinneacha Dé is eadh iad so.
10
Agus do thuiteas síos ag a chosaibh chum adhradh do dhéanamh dhó; acht adubhairt seisean liom, Seachain, ná déan é: is cóimh‐sheirbhíseach leat‐sa mé, agus led’ bhráithribh go bhfuil fiadhnaise Íosa aca: déan adhradh do Dhia, óir is í fiadhnaise Íosa spiorad na tarngaireachta.
11
Annsin do chonnacas neamh ar fhoscailt; agus féach, each bán, agus an té do bhí ar muin air, tugadh Dílse agus Fírinne mar ainm air; agus is do réir an chirt do‐ghní sé breitheamhnas, agus chuireann sé cogadh.
12
Agus atá a shúilí ’n‐a lasair teineadh, agus atá a lán coróineach ar a cheann; agus atá ainm scríobhtha air nach aithnid d’aon duine acht dó féin.
13
Agus atá sé clúduighthe le h‐éadach do tomadh i bhfuil: agus is é ainm tugtar air, Briathar Dé.
14
Agus na sluaighte atá ar neamh do bhíodar g‐á leanmhain ar éachaibh bána, agus iad clúduighthe le línéadach mín‐gheal, glan‐úr.
15
Agus atá claidheamh géar ar síneadh as a bhéal, chum na cinidheacha do bhualadh leis, agus riaghlóchaidh sé le slait iarainn iad: agus satalóchaidh sé d’á chois iomar fíona dian‐fheirge Dé Uile‐chumhachtaigh.
16
Agus atá ainm scríobhtha ar a éadach agus ar a cheathramhain, Rí na Righthe, agus Tighearna na dTighearna.
17
Agus do chonnacas aingeal amháin ’n‐a sheasamh san ngréin; agus do ghlaodh sé de ghuth árd, g‐á rádh leis na h‐éanlaithibh go léis do bhí ar eiteall i lár na spéire, Tigidh, cruinnighidh le chéile fá chómhair suipéir mhóir Dé;
18
chum feoil na righthe d’ithe, agus feoil na dtaoiseach míleata, agus feoil na ndaoine tréan, agus feoil na gcapall agus na marcach atá ar muin ortha, agus feoil an uile dhuine, idir shaor agus dhaor, idir bheag agus mhór.
19
Agus do chonnacas an t‐ainmhidhe agus righthe an domhain, agus a shluaighte cruinnighthe le chéile chum cogadh do chur ar an té do bhí ar muin an eich, agus le n‐a shluagh‐san.
20
Agus do gabhadh an t‐ainmhidhe, agus i n‐éinfheacht leis, an fáidh bréige do rinne na míorbhailtí ’n‐a fhiadhnaise, le n‐ár mheall sé an dream do ghlac marc an ainmhidhe chuca, agus an dream thug adhradh d’á íomháigh. Do teilgeadh iad araon beo amach i loch teineadh atá ar dearg‐lasadh le ruibh.
21
Agus do marbhadh an chuid eile dhíobh leis an gclaidheamh do bhí ar síneadh as béal an té do bhí ar muin an eich: agus d’ith na h‐éanlaithe go léir a sáith d’á bhfeoil.
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 20 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22