bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
2 Peter 1
2 Peter 1
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 2 →
1
Síomón Peadar, seirbhíseach agus aspal Íosa Críost, Ag scríobh chugaibh, atá in bhui gcomhchreidmhigh linne i bhfíréantacht ár nDé agus ár Slánaitheora Íosa Críost:
2
Go méadaítear an grásta agus an tsíocháin in bhur n-eolas ar Dhia agus ar Íosa Críost ár dTiarna.
3
Bhronn a chumhacht dhiaga orainn gach uile ní a bhaineas le beatha agus le cráifeacht, tríd an eolas atá againn ar an té sin a thug cuireadh dúinn chun a ghlóire agus a shuáilce féin,
4
inar dheonaigh sé dúinn a shárghealltanais luachmhara, ar modh go mbeidh sibh páirteach sa nádúr diaga, agus go scarfaidh sibh le truailliú ó ainmhian an tsaoil.
5
Déanaigí mar sin bhur n-uile ndícheall leis an tsuáilce a chur le bhur gcreideamh, agus an t-eolas leis an tsuáilce,
6
agus an tsriantacht leis an eolas, agus an tseas-mhacht a chur leis an tsriantacht, agus an diagacht leis an tseasmhacht,
7
agus an bhráithriúlacht leis an diagacht, agus an grá leis an mbráithriúlacht.
8
Má bhíonn na tréithe seo agaibh agus iad go líonmhar, ní bheidh aon easpa éifeachta ná torthúlachta ar bhur n-eolas ar ár dTiarna Íosa Críost.
9
Ach an té nach mbíonn na tréithe seo aige is é an dall caochshúileach é a lig chun dearmaid gur glanadh a sheanpheacaí de.
10
Mar sin, a bhráithre, go mba mhóide bhur ndúthracht chun bhur ngairm agus bhur dtoghadh a dheimhindearbhú, mar má dhéanann sibh amhlaidh ní bhainfear leagan asaibh;
11
agus is amhlaidh a sholáthrófar go saibhir daoibh saorchead isteach chun ríocht shíoraí ár dTiarna agus ár Slánaitheora Íosa Críost.
12
Dá bhrí sin de, tá rún agam na nithe seo a chur i gcuimhne daoibh go síor, siúd is gurb eol daoibh iad agus go bhfuil sibh suite ina bhfuil agaibh den fhírinne.
13
Ach measaim gurb é mo cheart é, chomh fada agus atáim ag iompar an choirp seo, bhur gcuimhne a mhúscailt,
14
ó tá a fhios agam nach fada go gcuire mé an corp seo díom, mar atá nochta dom ag ár dTiarna Íosa Críost.
15
Féachfaidh mé chuige mar sin go bhféadfaidh sibh cuimhneamh am ar bith ar na nithe sin agus mise imithe.
16
Mar níorbh aon chumadóireacht chliste ná finscéal filíochta a bhí againn ag foilsiú daoibh faoi chumhacht ár dTiarna Íosa Críost agus faoina theacht, ach chonaic ár súile féin a mhórgacht.
17
Mar nuair a ghlac sé onóir agus glóir ó Dhia an tAthair agus nuair a tháinig glór na Glóire is airde chuige, “Is é seo mo mhac ionúin, a bhfuil mo thaitneamh ann,”
18
chualamar an glór sin á iompar ó neamh, nuair a bhíomar ina chuideachta ar an sliabh naofa.
19
Deimhníodh mar sin dúinn briathar na bhfáithe. Is fearr daoibh aire a thabhairt dó, mar a bheadh do lampa ag lonradh in áit dhorcha, go dtí go mbánaíonn an lá agus go n-éiríonn réalta na maidine in bhur gcroíthe.
20
Caithfidh sibh seo a thuiscint ar dtús, nach cóir míniú príobháid-each a chur ar an tairngreacht as an scrioptúr
21
ó nach de mhian dhaonna a tháinig an tairngreacht riamh, ach gur labhair fir a gluaiseadh leis an Spiorad Naomh thar cheann Dé.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3