bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
2 Peter 2
2 Peter 2
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 3 →
1
Ach is é rud, dʼéirigh fáithe bréige i mease an phobail, agus ar an nós céanna beidh teagascóirí bréige in bhur mease, agus saobhtheagasc scriosta á thabhairt isteach acu, agus go fiú iad ag séanadh an mháistir a cheannaigh iad, agus ag tarraingt scrios tobann orthu féin.
2
Agus is iomaí duine a leanfas lorg a ainrialach, agus tabharfar aithis do shlí na fírinne dá mbarr.
3
Agus tabharfaidh a saint orthu bheith ag breith buntáiste asaibh le briathra bréige; ach le fada an lá tá a ndaorbhreith lándúisithe, agus a scrios gan bheith ina shuan.
4
Mar más rud é nár spáráil Dia na haingil nuair a rinne siad peaca, ach á gcur go hifreann agus á dtaisceadh i bpoill dhoimhne an dorchadais go dtí an breithiúnas;
5
agus mura spáráil sé an seansaol, ach gur chaomhnaigh sé Naoi, fógróir na fíréantachta, é féin agus seachtar duine leis, nuair a thug sé an díle bháite thar an domhan droch-dhaoineach;
6
agus má rinne sé luaith de chathracha Shodóim agus Ghomora agus má thug breith a scriosta orthu le bheith ina sampla ar a raibh i ndán do lucht an oilc;
7
agus má dʼfhuascail sé an fíréan Lot, a bhí á chrá go mór ag drochiompar na ndrochdhaoine
8
(mar is de bharr a bhfaca agus a chuala an fíréan úd nuair a mhair sé ina mease, a bhí sé á chéasadh ina anam fíréanta ó lá go chéile lena ndroch-ghníomhartha),
9
má tá sin uile amhlaidh is cruthú é go bhféadann an Tiarna an fíréan afhuascailt ó fhéachaint, agus an neamhfhíréan a thaisceadh faoi phionós go dtí lá an bhreithiúnais,
10
agus go háirithe an dream a ghéilleas dʼainmhianta na colainne agus a bhíos beag beann ar a mbíonn i geeannas os a gcionn. Is iad atá ceanndána neamheaglach, nach mbíonn eagla orthu aithis a thabhairt do lucht na glóire,
11
agus a rá is de nach gnách leis na haingil féin, ar mhó go mór a gcéim agus a gcumhacht, breith aithiseach a thabhairt orthu i láthair Dé.
12
Ach bíonn siad seo mar ainmhithe éigiallda, beithígh bhrúidiúla nach bhfuil beo ach chun a marfa, ag tabhairt aithise i gcúiseanna nach dtuigeann siad, agus scriosfar iad in aon scrios leo siúd,
13
agus tiocfaidh a n-olc féin orthu a rinne an t-olc. Is é a mian bheith ag ragairne faoi sholas an lae ghil. Níl iontu ach máchailí agus mídhealbha a mbíonn dúil acu i ndrabhlás ag comhól libh.
14
Bíonn súile adhaltracha acu nach bhfaigheann a sá de pheaca. Meallann siad gach aigne ghuagach. Is í an tsaint leannán a gcroíthe. Mic mhallachta iad
15
a dʼimigh ar seachrán slí ón gcosán ceart; a lean bealach Bháláim mac Bheoir, a mbíodh grá aige dʼairgead lochtach,
16
ach a fuair achasán a ainghnímh féin; ó labhair an t-asal balbh i nglór daonna ag cur cosc le mire an fháith.
17
Toibreacha tura agus cnapanna ceo faoi shánna sí gaoithe iad; a bhfuil duibhe an dorchadais i ndándóibh.
18
Mar is iad a bhíos ag baothmhaíomh go hard, agus ag mealladh leo le hainmhianta na colainne an dream úd a dʼéalaigh nach mór ó lucht na hearráide.
19
Geallann siad an tsaoirse dóibh atá iad féin i ndaoirseacht don truailliú; mar bíonn fear ina dhaor ag cibé ní a fhaigheas bua air.
20
Má tháinig siad slán ó thruailleachtaí an tsaoil, tri eolas ár dTiarna agus ár Slánaitheora Íosa Críost, agus má cheaptar agus má chloítear leo arís iad, is measa a ndeireadh ná a dtús.
21
Mar bʼfhearr dóibh gan eolas a fháil riamh ar shli na fíréantachta ná eolas a chur uirthi agus cúl a thabhairt don naomhaithne a toirbhríodh dóibh.
22
Tharla dóibh de réir an tseaníhocail fhírinnigh, filleann an madra ar a aiseag féin, agus nitear an chráin le bheith ag unfairt sa mhúnlach.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3