bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
2 Peter 3
2 Peter 3
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
1
Is í sin an dara litir atá scríofa agam chugaibhse, a lucht na páirte, agus i gceachtar acu mhúscail mé bhur n-aigní dílse ag cur i gcuimhne daoibh;
2
chun go gcuimhní sibh ar thairngreachtaí na bhfáithe agus ar aitheanta an Tiarna agus an tSlánaitheora tri bhur n-aspail.
3
Ar dtús bíodh seo agaibh le tuiscint, go dtiocfaidh sna laethanta deireanacha scigirí magúla, a leanfas mian a dtola féin
4
agus a déarfas “Cá bhfuil gealltanas a theachta? Mar ó thit a gcodladh ar ár sinsir, fanann gach ní mar a bhí ó thus cruthaithe na cruinne.”
5
Dúnann siad a súile dʼaon turas ar an bhfírinne seo, go raibh na neamha ann fad ó shin le briathar Dé, agus talamh an domhain a deilbh-íodh as uisce agus trí uisce,
6
agus gur tríd a chuaigh an díle thar an domhan a bhí ann gur scriosadh é.
7
Ach leis an mbriathar céanna sin tá na neamha agus an talamh atá anois ann á dtaisceadh le haghaidh tine, agus iad á gcaomhnú go dtí lá an bhreithiúnais agus lá scriosta lucht an oilc.
8
Ach ná bígí dall ar an bpointe seo, a lucht na páirte, go bhfuil aon lá amháin mar mhíle bliain ag an Tiama, agus mile bliain mar aon lá amháin.
9
Ní bhíonn sé ag déanamh moille ina ghealltanas siúd is go bhfuil siad ann a mheasas gur moill í, ach is amhlaidh a bhíonn sé foighneach libh, ó nach toil leis aon duine a bheith á scriosadh, ach go dtiocfadh siad uile chun aithreachais.
10
Ach tiocfaidh lá an Tiama mar a thiocfadh gadaí, agus imeoidh na neamha le fuaim mhór ard, agus leáfaidh an tine na dúile, agus dófar an talamh is a bhfuil dʼoibreacha air.
11
Ó beidh siad seo uile á leá, cad é an cineál daoine naofa diaganta ba choir a bheith ionaibhse,
12
ag fanacht agus ag cur dlúis le teacht lá Dé, nuair a lasfar agus leáfar na neamha, agus a choscrófar na dúile dá barr?
13
Ach de réir a ghealltanais-sean, fanaimid le neamha úmua agus le talamh úmua a bheas ina áras cónaithe ag an bhfíréantacht.
14
Mar sin, a lucht na páirte, ó tá sibh ag dréim leis seo, bígí ar bhur ndícheall go bhfaighidh sé sibh gan smál gan ainimh, agus i síocháin.
15
Agus measaigí gur slánú í foighne ár dTiarna. Is mar sin freisin a scríobh ár mbráthair ionúin Pól chugaibh de réir na heagnaíochta a bronnadh air,
16
ag tagairt dó sin mar a dhéanann sé ina litreacha uile. Tá nithe dothuigthe iontu, a ndéanann lucht an ain-eolais agus na guagachta a chlaonadh chun a scriosta féin, mar a dhéanann siad leis an gcuid eile den scrioptúr.
17
Ó tá a fhios sin agaibh roimh ré, a lucht na páirte, seachnaígí, ar eagla go gcartfar ar shiúl sibh le hearráid lucht éagráif-eachta agus go gcuirfear de bhur mboinn sibh.
18
Ach fásaigi aníos i ngrásta agus in eolas ár dTiama agus ár Slánaitheora Íosa Críost. Bíodh an ghlóir aige anois agus go lá na síoraíochta. Áiméan.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
All chapters:
1
2
3