bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
2 Thessalonians 1
2 Thessalonians 1
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 2 →
1
Pól, Silbhánus, agus Timótéus, ag beannú dʼeaglais na dTesalóineach i nDia ár nAthair agus sa Tiarna Íosa Críost:
2
Grásta agus síocháin daoibh ó Dhia an tAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.
3
Tá sé mar dhualgas orainn altú buíochais a thabhairt i gcónaí do Dhia ar bhur son, a bhráithre, is é ár gceart é, ó tá fás fairsing ag teacht ar bhur gcreideamh, agus bhur ngrá dá chéile ag méadú.
4
Dá bhrí sin bímid féin ag maíomh asaibh in eaglaisí Dé ar bhur ndaingneacht agus bhur ndílseacht ina mbíonn á fhulaingt agaibh de ghéarleanúintí agus de chruatan.
5
Cruthú é seo ar cheartbhreithiúnas Dé, ionas go ndéantar daoine díbh ar fiú iad an ríocht sin Dé a fháil, a mbíonn sibh á fhulaingt sin ar a son—
6
ó measann Dia an cruatan a chur mar chúiteamh ar a mbíonn ag cur cruatain oraibh,
7
agus faoiseamh a thabhairt in éineacht linne daoibhse a gcuirtear cruatan oraibh, nuair a nochtar Íosa Críost ó neamh, é féin agus a thréanaingil, i mbladhairí tine,
8
ag imirt díoltais ar an dream úd nach n-aithníonn Dia agus nach n-umhlaíonn do shoiscéal ár dTiarna Íosa.
9
Cuirfear mar phionós orthu bheith á síorscriosadh gan gnúis Dé ná glóir a mhórchumhachta a fheiceáil,
10
nuair a thiocfas sé an lá úd le bheith á ghlóiriú ina naoimh, agus ina ábhar iontais sna creidmhigh, ó creideadh ár bhfianaise daoibh.
11
Chuige sin bím i gcónaí ag guí Dé ar bhur son, go ndéana sé daoine díbh ar fiú a ghairm, agus go gcomhlíona sé lena chumhacht gach dea-rún agus gach obair chreidimh,
12
i dtreo is go nglóirítear ainm ár dTiarna Íosa ionaibh, agus sibh ann, de réir ghrásta ár nDé agus an Tiarna Íosa Chríost.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3