bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
2 Thessalonians 2
2 Thessalonians 2
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 3 →
1
Anois maidir le teacht ár dTiarna Íosa Críost agus ár slógadh le dul ina airicis, táimid á iarraidh oraibh, a bhráithre,
2
gan bheith do bhur suathadh ná do bhur séideadh i dtobainne as bhur gciall, le spreagadh ó sprid nó le briathar duine nó le litir atá in ainm a bheith uainne, a mbainfidh sibh scéal as go bhfuil lá an Tiarna tar éis teacht orainn.
3
Ná ligigí do dhuine ar bith dallamullóg arbith a chur oraibh; mar ní thiocfaidh an lá úd, mura dtiocfaidh an t-éirí amach an chéad uair, agus go nochtfar duine úd an aindlí, an mac mallachta,
4
a bhíos á ardú féin in éadan a bhfuil in ainm a bheith ina Dhia nó ina ábhar adhartha, ar nós go mbíonn sé á shuí féin i dteampall Dé, ag maíomh gurb é féin is Dia ann.
5
An é nár chuimhneach libh mise á insint sin daoibh nuair a bhí mé agaibh go fóill?
6
Agus tá a fhios agaibh cad é atá á chose anois, ionas nach nochtfar é go dtí an t-am is dual dó.
7
Mar tá rúndiamhair an aindlí ar obair cheana féin; ach go bhfuil cosc leis nár tógadh as go fóill.
8
Agus is ansin a nochtfar duine an aindlí, a maróidh an Tiarna Íosa é le hanáil a bhéil agus a scriosfaidh sé é lena theacht agus lena thaispeáint.
9
Beidh teacht dhuine an aindlí á ghníomhú ag Sátan le mórchumhacht agus le comharthaí agus le hiontais bhréige,
10
agus le cluain uile na héagóra don dream a bhfuil an léirscrios i ndán dóibh, ó nach nglacfaidís le grá na fírinne a shlánódh iad.
11
Dá bhrí sin cuireami Dia dalladh dian orthu, le creideamh a thabhairt don bhréag,
12
ionas go dtugtar breithiúnas ar an dream uile nár chreid san fhírinne ach a mbíodh pléisiúr acu san éagóir.
13
Ach tá sé mar dhualgas orainn altú buíochais a thabhairt i gcónaí do Dhia ar bhur son, a bhráithre a bhfuil grá ag an Tiarna daoibh, as siocair gur thogh Dia ó thús sibh le bheith do bhur slánú, trí naomhú leis an Spiorad agus trí chreideamh san fhírinne.
14
Is chuige sin a ghlaoigh sé oraibh trína shoiscéal, sa chaoi go bhfaighe sibh glóir ár dTiama Íosa Chríost.
15
Seasaigí amach go daingean mar sin, a bhráithre, agus coinnígí greim docht ar an seanchas a mhúineamar daoibh, le briathar nó le litreacha.
16
Anois go raibh ár dTiarna Íosa Críost féin agus Dia ár nAthair, a thug grá agus sólás síoraí agus dea-dhóchas dúinn tríd an ngrásta,
17
ag tabhairt misnigh do bhur gcroíthe agus á ndaingniú san uile dhea-obair agus dhea-bhriathar.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3