bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
2 Thessalonians 3
2 Thessalonians 3
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
1
Mar fhocal scoir, a bhráithre, bígí ag guí ar ár son, go mbeidh an rith agus an bua le briathar Dé, a bhí aige eadraibhse,
2
agus lenár saoradh ar dhrochdhaoine agus lucht an oilc; mar níl an creideamh i ndán don uile dhuine.
3
Ach is iontaofa an Tiarna; agus is é a neartós libh agus a choimeádfas sibh ón olc.
4
Agus tá muinín againn as an Tiarna in bhur dtaobh, go ndéanann agus go ndéanfaidh sibh mar ordaímid daoibh.
5
Go gclaona an Tiarna bhur gcroíthe chim grá agus chun seasmhacht Chríost.
6
Ordaímid daoibh anois, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, fanacht amach as cosán aon bhráthar a théas le falsacht atá bunoscionn leis na béasa a ghlac sibh uainne.
7
Mar atá a fhios agaibh féin gur cóir daoibh aithris a dhéanamh orainn; nach mbíodh inár bhfalsóirí nuair a bhíomar libh,
8
agus nár ith arán aon duine gan íoc as, ach ag obair oíche agus lá le dua agus le doghrainn, ar eagla bheith inár n-ualach ag duine ar bith agaibh.
9
Ní hé nach raibh ceart againn air sin, ach go ndearnamar sin le heiseam-láir a chur romhaibh lena leanúint.
10
Mar a dʼordaíomar daoibh san am úd a rabhamar libh: Mura toil le duine oibriú, ná bíodh cead ite aige.
11
Mar cluinimid é á rá go bhfuil cuid agaibh a chaitheas a mbeatha go falsa, gan oribiú ná aire a bheith acu ar a ngnó féin ach ar ghnó na ndaoine eile.
12
Tugaimid ordú agus foráileamh in ainm an Tiarna Íosa Críost dá leithéid siúd bheith ag obair leo go socair agus bheith ag saothrú a gcoda.
13
A bhráithre, nára tuirseach libh an mhaith a dhéanamh.
14
Má tá duine ar bith ann nach n-umhlaíonn dá mbíonn á rá againn sa litir seo, tugaigí faoi deara é, agus ná bíodh baint ar bith agaibh leis, ionas go mba náire leis é.
15
Ach ná bíodh meas namhad agaibh air, ach cuirigí comhairle air mar dheartháir.
16
Anois go dtuga Tiarna na síochána féin an tsíocháin san uile am ar an uile shlí daoibh. Go raibh an Tiarna libh uile go léir.
17
Mise, Pól, atá ag fágáil slán is beannacht agaibh i lorg mo láimhe féin. Sin an comhartha aitheantais i ngach litir uaim; is mar seo a scríobhaim.
18
Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh uile.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
All chapters:
1
2
3