bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Titus 1
Titus 1
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 2 →
1
Pól, atá ina sheirbhíseach ag Dia agus ina aspal ag Íosa Críost, le creideamh lucht tofa Dé a mhéadú, agus le tuilleadh eolais a thabhairt dóibh ar an bhfírinne dhiaga,
2
agus ar dhóchas na beatha síoraí a gheall Dia, nár thug éitheach riamh. leis na cianta dʼaois
3
agus a nocht sé go ham agus go huair ina bhriathar tríd an tseanmóireacht a taobhaíodh liom mar a dʼaithin Dia ár Slánaitheoir é;
4
Ag beannú do Thítus, mo mhac dlisteanach comhchreidimh: Grásta agus síocháin agat ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost ár Slánaitheoir.
5
Is é an fáth ar fhág mé i mo dhiaidh sa Chréit thú, ionas go gcuirfeá bail ar a raibh in easnamh, agus go gceapfá cruifreacha i ngach cathair de réir na gcoinníollacha a dʼinis mé duit,
6
má tá fear ann atá saor ó locht, gan ach aon bhanchéile amháin a bheith aige, agus a mbíonn a chlann ina gcreidmhigh gan é bheith le rá go bhfuil siad drabhlásach ná ainrialta.
7
Mar caithfidh easpag a bheith saor ó locht ós maor ag Dia é; gan a bheith tiamúil ná drochchorraitheach ná ina phótaire fíona ná ina throdaí ná santach,
8
ach é ina dhea-dhuine forbhfáilteach a mbíonn grá don tsuáilce aige, agus smacht aige air féin, duine ionraic, naofa, srianta;
9
a bhfuil greim maith aige ar an mbriathar fírinneach mar a theagasctar é, ar chaoi go bhféadfadh sé teagasc folláin a thabhairt uaidh agus tost a chur ar a gcuireann ina éadan.
10
Mar is iomaí duine ainsrianta, baothbhriathrach ag cur cluana ar intinn daoine, go háirithe aicme an timpeallghearrtha;
11
caithfear tost a chur orthu, mar tá siad ag cur teaghlaigh iomlána bunoscionn ag teagasc dóibh nithe nár choir le hairgead lochtach a thuilleamh.
12
Is duine díobh féin agus fáidh dá gcuid fáithe a dúirt é, “Spalpairí bréige iad na Créitigh, ainbheithígh allta, marógaí falsa.”
13
Is fírinneach an fhianaise seo. Dá bhrí sin de bí á chasadh go géar leo, go mbí siad folláin sa chreideamh,
14
in ionad aird a bheith acu ar fhinscéalta bréagacha Giúdacha agus ar aitheanta ó fhir a bhíos ag séanadh na fírinne.
15
Is glan gach ní do lucht na glaine, ach ní glan aon ní do lucht na truaillíochta agus an díchreidimh; mar bíonn a n-intinn agus a gcoinsias féin á dtruailliú.
16
Bíonn siad ag maíomh as eolas Dé a bheith acu, ach séanann siad lena ngníomhartha é; ó bíonn siad déistineach, doshrianta, gan aon déantas maitheasa iontu.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3