bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Titus 3
Titus 3
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
1
Cuir i gcuimhne dóibh géilleadh do lucht ceamiais agus údaráis, smacht a bheith orthu, iad a bheith réidh le hobair ionraic a dhéanamh,
2
gan míchlú ná troid a chur ar aon duine, ach a bheith modhúil béasach le gach duine.
3
Mar bhí an t-am ann a rabhamar féin amaideach, easumhal, seachránach, ar théad ag ainmhianta agus pléisiúir, ag caitheamh ár saoil go mailíseach éadmhar, agus fuath againn do chách agus fuath agcách dúinn;
4
ach san am ar nochtadh dea-chroí agus daonnacht Dé ár Slánaitheoir,
5
ba é a rinne ár saoradh ní as siocair na ngníomhartha fíréantachta a bhí déanta againn féin, ach de bhrí a chuid trócaire féin, le hionladh na hathghiniúna agus le hathnuachan an Spioraid Naoimh,
6
a dhoirt sé go fial orainn trí Íosa Críost ár Slánaitheoir,
7
ionas go bhfíréanódh a ghrásta sinn agus go ndéanfaí oidhrí dínn a bhfuil dóchas againn leis an mbeatha shíoraí.
8
Is iontaofa an ráiteas é. Is mian liom tú a sheasamh ar na pointí sin, go gcaithfidh an dream a bhfuil creidte acu i nDia aire a bheith acu faoi dhul i gcionn na ndea-oibreacha; rud a bhfuil maith agus tairbhe ann do dhaoine.
9
Ach ná bain le díospóir-eachtaí amaideacha agus le craobhacha ginealaigh agus clampar agus cathanna i dtaobh an dlí, ó nach mbíonn tairbhe ná toradh ag teacht astu.
10
Maidir le fear atá clamprach, iarr comhairle a chur air uair nó dhó, agus ná bíodh aon bhaint agat leis as sin amach,
11
ós feasach duit go mbíonn a mhacasamhail sin claon agus coirpeach; tugann a bhéal féin breith a dhaortha air.
12
Nuair a chuirim fios ort le hArtemas nó le Ticicus, déan do dhícheall le teacht in airicis orm i Nicopolis, ó tá rún agam an geimhreadh a chaitheamh ansin.
13
Déan do dhícheall leis an mbealach a réiteach roimh Shenas an dlíodóir agus Apollós nuair a imeos siad; agus tabhair aire dó nach mbíonn easpa ar bith orthu.
14
Agus fogh-laimíodh an dream is againne conas a rachaidh siad i gcionn na ndea-oibreacha, ag fóirithint ar na riachtanais is práinní, agus gan a bheith ag saothrú in aisce gan toradh.
15
Tá a bhfuil anseo agam ag beannú duit. Beannaigh dár gcairde sa chreideamh. Grásta Dé agaibh uile go léir.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
All chapters:
1
2
3