bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Titus 2
Titus 2
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 3 →
1
Ach bí tusa agus briathra an teagaisc fholláin á rá agat.
2
Abair leis na seanfhir bheith srianta, staidéartha, ciallmhar, ceartchreidmheach, grámhar, buanseasmhach.
3
Abair mar an gcéanna leis na seanmhná bheith dea-bhéasach ina ndóigheanna, gan bheith cúlchainteach ná tugtha don ól; ach ag tabhairt dea-theagaisc uathu,
4
agus iad ag múineadh do na hógmhná grá a thabhairt dá gcéilí fir agus dá gclann,
5
agus bheith modhúil, geanmnaíoch, ina ndea-mhná tí, caomhúil, umhal dá gcéilí fir, ar eagla míchlú a tharraingt ar bhriathar Dé.
6
Iarr ar na fir óga mar an gcéanna srian a chur leo féin.
7
Agus bí féin i do dhea-shampla le dea-ghníomhartha, agus bíodh do theagasc ionraic, íonghlan,
8
agus do bhriathra chomh fírinneach nach bhféadtar locht a fháil orthii, chun go gcuirfí tost ar a gcuireann inár n-éadan ó nach bhfiúl leithscéal aige le bheith dár lochtú.
9
Abair leis na daoir bheith ag umhlú dá máistrí agus á sásamh ar gach dóigh; gan bheith aisfhreag-rach,
10
ná bradach, ach go dílis dáiríre, ar nós a chuirfeadh maise ar theagasc Dé ár Slánaitheoir.
11
Óir nochtadh grásta Dé chun an saol uile a chur ar shlí a shlánaithe,
12
ag múineadh dúinn diúltú don éagráif-eacht agus do na hainmhianta saolta, agus beatha shrianta, fhíréanta, dhiaganta a chaitheamh ar an saol seo,
13
ag fuireach le dóchas beannaithe, nochtadh glóire ár nDé mhóir agus ár Slánaitheora Íosa Críost,
14
a thug é féin ar ár son lenár bhfuascailt ón uile éagóir agus le pobal dá chuid féin a íonghlanadh le bheith aige a mbeidh faobhar orthu chun dea-ghníomhartha.
15
Bíodh lánúdarás agat le seo a fhoilsiú agus le daoine a spreagadh chuige agus é a chiir ina luí orthu. Ná lig do dhuine ar bith a bheag a dhéanamh díot.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3