bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
2 Corinthians 10
2 Corinthians 10
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 11 →
1
Tá achainí phearsanta dá iarraidh agam oraibh as ucht chineáltas agus cheansacht Chríost, ós duine mise, Pól, a bhíonn go huiríseal agus mé in bhur láthair agus go dána libh agus mé i bhfad uaibh.
2
Táim dá iarraidh oraibh gan a thabhairt orm a bheith dána nuair a thiocfaidh mé chugaibh agus feidhm a bhaint as an teanntas úd a mheasaim a úsáid in aghaidh daoine áirithe a cheapann gurb iad bealaí an tsaoil seo a leanaimid.
3
Mairimid sa saol, is fíor, ach ní de réir ghnás an tsaoil seo a fhearaimid cath.
4
Na hairm chogaidh a bheartaímid, ní airm shaolta iad ach airm a bhfuil cumas ó Dhia acu daingin a threascairt. Leagaimid ar lár leo argóintí
5
agus gach sórt móiréise a sheasann in aghaidh eolas Dé, agus déanaimid cime de gach smaoineamh dʼfhonn é a chur faoi réir Chríost.
6
Agus táimid réidh chun gach saghas míréire a smachtú an túisce a bheidh sibh-se faoi réir go hiomlán.
7
Féachaigí ar a bhfuil os comhair bhur súl. Aon duine a áitíonn air féin gur le Críost é, smaoiníodh sé arís ar an méid seo: gur le Críost sinne chomh maith céanna leis.
8
Má dhéanaim maíomh beagán thar fóir as ár gcuid údaráis–údarás a thug an Tiarna dúinn chun sibh-se a thógáil agus ní chun sibh a leagan–ní bhfaighidh mé aon náire mar gheall air.
9
Ní maith liom go gceapfaí gur le litreacha amháin a dhéanaim bagairt.
10
“Bíonn a chuid litreacha daingean, feidhmiúil,” deir daoine, “ach is dearóil an teacht i láthair atá ann agus tá a chuid urlabhra gan éifeacht.”
11
Tuigeadh a leithéid sin ina aigne go mbíonn ár mbeart ar an láthair ag cur leis an mbriathar a scríobhtar i bhfad uaibh.
12
Ní bheadh sé de dhánacht ionainn gan dabht sinn féin a chur i gcomórtas ná i gcóimheas le daoine áirithe a bhíonn dá gcur féin i gcion. Ach ní maith an chiall dóibh-sean iad féin a thomhas ná a mheas dá réir féin.
13
Nílimidne chun dul thar fóir leis an maíomh, áfach; fanfaimid laistigh den limistéar a leag Dia amach dúinn agus a shíneann chomh fada libh-se.
14
Nílimid ag dul thar teorainn amhail is nach mbeimis tagtha comh fada libh, mar bhíomar ar na chéad daoine a thug dea-scéal Chríost chugaibh.
15
Nílimid ag dul thar cailc, más ea, agus ag maíomh as saothar daoine eile. Agus tá súil againn, de réir mar a mhéadaíonn ar bhur gcreideamhsa, go dtiocfaidh borradh agus fás ar an saothar a rinneamar in bhur measc laistigh dár limistéar féin,
16
agus go ndéanfaimid an dea-scéal a fhógairt thar bhur gcríocha amach agus nach mbeimid ag maíomh as an obair atá déanta cheana ag duine eile sa ghort a bhí leagtha amach dó.
17
“An té a bhfuil fonn maíte air, déanadh sé maíomh as an Tiarna,”
18
mar ní hé an fear a mholann é féin atá dea-mheasta ach an fear a molann Dia é.
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 11 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13