bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
2 Corinthians 6
2 Corinthians 6
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 7 →
1
Ag obair dúinn i gcomhar leis impímid oraibh gan an grásta a fuair sibh uaidh a chur amú.
2
Mar is é a deir sé: “Ar uair na faille thug mé cluas duit; ar lá an tslánaithe tháinig mé i gcabhair ort.” Is í seo, féach, uair na faille; inniu lá an tslánaithe.
3
Le heagla go mbeifí ag lochtú ár gcuid seirbhíse, ní chuirimid ceap tuisle sa bhealach ar aon duine,
4
ach cruthaímid, i ngach cor dár saol, gur searbhóntaí Dé sinn, ag cur suas go foighneach le hanacair agus le cruatan agus le hanró;
5
le sciúrsáil, le braighdeanas agus le círéib; le diansaothar, le heaspa codlata agus le hocras.
6
Cruthaímid freisin é le hionracas, le heolas, le seasmhacht agus le cineáltas; leis an Spiorad Naomh, le grá dílis,
7
le fógairt na fírinne agus le cumhacht Dé; bíonn an fhíréantacht ina harm cosanta agus ina harm ionsaithe againn;
8
bíonn meas orainn agus droch-mheas, clú agus míchlú. Bíonn ainm na bréige orainn cé go bhfuilimid fíor.
9
Is daoine anaithnide sinn a bhfuil aithne ag an saol mór orainn, bímid in ainm a bheith i mbéal báis agus féach sinn go beo beathach; bímid in ainm a bheith dár smachtú ach nílimid tugtha suas chun báis.
10
Tá ainm an bhróin orainn agus sinn i gcónaí lúcháireach; tá ainm an bhochtanais orainn agus sinn ag saibhriú na sluaite; tá ainm an dealúis orainn agus an uile ní inár seilbh againn.
11
Tá labhartha againn go hoscailte libh, a mhuintir na Corainte, tá ár gcroí ar leathadh romhaibh
12
agus gan aon easpa slí ann daoibh. In bhur gcroí féin atá an chúngracht.
13
Díolaigí an comhar linn, a chlann ó, agus bígí chomh hoscailte céanna.
14
Ná téigí i bpáirtíocht éagothrom le díchreidmhigh. Cén pháirt atá ag an bhfíréantacht leis an urchóid? Cén bhaint atá ag an solas leis an dorchadas?
15
Cén cumann atá ag Críost le Beiliár? Cén chuid atá ag an gcreidmheach leis an díchreidmheach?
16
Cén ceangal atá ag teampall Dé le déithe bréige? Mar is sinne teampall Dé bheo, de réir mar atá ráite ag Dia féin: “Cónóidh mé agus siúlfaidh mé ina measc, beidh mé i mo Dhia acu agus beidh siad-san ina bpobal agam-sa.
17
Imígí as a measc, dá bhrí sin, agus scaraigí leo; ná bainigí le rud neamh-ghlan agus beidh fáilte agam-sa romhaibh.
18
Beidh mé i mʼathair agaibh agus beidh sibh-se in bhur gclann mhac agus iníonacha agam-sa. arsa an Tiarna uilechumhachtach.”
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 7 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13