bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
2 Corinthians 4
2 Corinthians 4
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 5 →
1
Ós le trócaire a leagadh an cúram seo orainn, ní loicimid choíche.
2
Tá diúltaithe againn, áfach, do na nithe táire úd a dhéantar faoi choim. Ní ag cealgaireacht a thugaimidne ár saol ná ag camadh bhriathar Dé ach ag iarraidh dul i bhfeidhm ar gach coinsias daonna trí léirnochtadh na fírinne i bhfianaise Dé.
3
Má tá ár ndea-scéal folaithe ar dhuine ar bith, is orthu siúd atá ar bhealach a millte atá sé folaithe,
4
is é sin ar lucht an dí-chreidimh a bhfuil an intinn dallta iontu ag dia an tsaoil seo ar eagla go lonródh an solas orthu, solas niamhrach dhea-scéal Chríost, an té is macasamhail de Dhia féin.
5
Ní dár bhfógairt féin atáimid ach ag fógairt Íosa Críost inA Thiarna agus gan ionainne ach seirbhísigh daoibhse ar son Íosa.
6
An Dia a dúirt: “Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas,” is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne dʼfhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn.
7
Is i bprócaí cré atá an tseoid seo i gcoimeád againn, dʼfhonn a chruthú gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn féin í.
8
Bítear dár gciapadh ó gach taobh ach nílimid teanntaithe; bímid i gcrua-chás ach nílimid in éadóchas;
9
bítear dár ngéar-leanúint ach nílimid tréigthe; bítear dár síneadh ach nílimid díscithe.
10
Bíonn bás Íosa ar iompar inár gcorp againn de shíor ar shlí go mbeidh beatha Íosa le feiceáil inár gcorp chomh maith.
11
Fad is beo sinn bímid dár dtabhairt suas chun báis de shíor ar son Íosa, ionas go mbeidh beatha Íosa soiléir le feiceáil inár gcolainn bhásmhar.
12
Dá réir sin is é an bás atá ag obair ionainne fad atá an bheatha ag obair ionaibhse.
13
Ach tá againne an spiorad céanna úd an chreidimh atá luaite sa scrioptúr: “Chreid mé agus labhair mé dá réir.” Creidimidne chomh maith agus labhraímid dá réir,
14
mar go bhfuil a fhios againn, an té úd a thóg an Tiarna Íosa ó mhairbh, go dtógfaidh sé sinne mar aon le hÍosa, agus go seolfaidh sé sinne agus sibh-se araon ina láthair.
15
Is ar mhaithe libh-se é seo ar fad i dtreo, nuair a leathfaidh grásta Dé i measc breis daoine, go mbeidh breis buíochais chun glóire Dé.
16
Sin é an fáth nach loicimid choíche. Más ea féin go bhfuilimid ag meathlú ar an taobh amuigh, tá an taobh istigh dá ath-nuachan ó lá go lá.
17
An buaireamh beag gearrshaolach seo atá orainn, tá ualach as cuimse den ghlóir bhithbhuan dá thuilleamh aige dúinn.
18
Ní ar na nithe infheicthe atá ár n-aire againne ach ar na nithe dofheicthe, mar níl sna nithe infheicthe ach seal ach mairfidh na nithe dofheicthe go bráth.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
Recommended Reading
Commentary
2 Corinthians Commentaries
→
Devotional
2 Corinthians Devotional Guide
→
Get This Bible
Irish (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm ) Study Bible
→