bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Ephesians 1
Ephesians 1
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 2 →
1
Mise Pól, aspal Íosa Críost de dheoin Dé ag beannú do na naoimh (in Eifeasas) atá dílis i gCríost.
2
Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia, ár nAthair, agus ón Tiarna Íosa Críost.
3
Moladh le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, a bhronn orainn, i gCríost, gach tabhartas spioradálta sna flaithis.
4
Roimh thúsú an domhain roghnaigh sé sinn i gCríost chun a bheith naofa gan locht os a chomhair.
5
Le barr grá dúinn leag sé amach ó thús de réir mhian a thola féin go mbeimisne inár gclann aige
6
trí Íosa Críost, i dtreo go molfaí an grásta as cuimse a roinn sé orainn go fras ina Mhac muirneach.
7
Is sa Mhac sin, as ucht a chuid fola, atá ár bhfuascailt faighte againne, maithiúnas ár gcionta,
8
de réir iomadúlacht an ghrásta a roinn sé orainn go fial. Le teann eagna agus gaoise
9
nocht sé dúinn rún a thola– de réir an chuspóra a bhí leagtha amach aige ó thús lena chur i gcríoch i gCríost,
10
nuair a bheadh an t-ionú tagtha– mar atá, an beartas gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh a thabhairt le chéile faoi cheannas Chríost.
11
Mar is i gCríost a roghnaíodh sinne inár n-oidhrí agus a leagadh amach dúinn, de réir intinn an té úd a oibríonn gach ní de réir chomhairle a thola féin,
12
a bheith ar na chéad daoine a chuirfeadh a muinín i gCríost chun moladh agus glóir Dé.
13
Agus is i bpáirt leis a roghnaíodh sibh-se freisin, nuair a chuala sibh-se briathar na fírinne agus dea-scéal bhur slánaithe, nuair a chreid sibh ann agus gur buaileadh oraibh stampa an Spioraid Naoimh a bhí geallta.
14
Is éarlais an Spiorad ar ár n-oidhreacht nó go bhfaighimid seilbh iomlán uirthi; chun moladh a ghlóire.
15
Sin é an fáth, ón uair a chuala mé iomrá ar an gcreideamh atá agaibh-se sa Tiarna Íosa agus ar an ngrá atá agaibh do na naoimh go léir,
16
nar stad mé ach ag gabháil buíochais le Dia ar bhur son agus ag cuimhneamh oraibh i mʼurnaithe.
17
Bím dá iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air.
18
Go soilsítear súile bhur n-aigne ar shlí go dtuigfidh sibh cad é mar údar dóchais daoibh bhur ngairm aige agus cad é mar oidhreacht fhairsing ghlórmhar atá aige i ndán don phobal naofa
19
agus ollmhaitheas na cumhachta a chuir sé i bhfeidhm ar ár son-na, creidmhigh–an chumhacht éachtach úd
20
a chuir sé ag obair i gCríost nuair a thóg sé ó mhairbh é agus chuir ina shuí ar a dheis sna flaithis é
21
go hard os cionn gach ceannais agus údaráis agus cumhachta agus tiarnais agus os cionn gach ainm dar féidir a ainmniú ní sa saol seo amháin é ach sa saol atá le teacht chomh maith.
22
Agus chuir sé gach ní faoina smacht agus cheap é, os cionn gach ní, ina cheann ar an Eaglais is corp dó
23
agus arb í iomláine an té úd a líonann gach ní go hiomlán í.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6