bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Ephesians 2
Ephesians 2
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 3 →
1
Lá den saol bhí sibh-se marbh de bharr na gcionta agus na bpeacaí a chleacht sibh
2
nuair a leanadh sibh bealaí an tsaoil seo agus nuair a ghéilleadh sibh do phrionsa ríocht an aeir, don spiorad úd atá ag gníomhú inniu féin i lucht na míréire.
3
Bhíomar-na uile ar an mbuíon sin tráth, nuair a ghéillimis dʼainmhianta na colainne agus nuair a dhéanaimis riar na colainne agus a cuid smaointe. Bhí fearg Dé anuas orainne ó dhúchas chomh maith le cách eile.
4
Ach bhí Dia lán de thrócaire agus thug sé grá chomh mór sin dúinn
5
fiú amháin nuair a bhíomar marbh de dheasca ár gcionta, gur athbheoigh sé sinn in éineacht le Críost–is in aisce a slánaíodh sibh–
6
gur thóg sé sinn ó mhairbh in éineacht leis agus gur chuir inár suí sinn sna flaithis in Íosa Críost,
7
dʼfhonn a léiriú do na haoiseanna a bhí le teacht chomh hollmhór is a bhí stór a ghrásta agus a fhlaithiúlacht a bhí sé linne i gCríost Íosa.
8
Mar is le grásta a slánaíodh sibh, trí chreideamh. Ní uaibh féin é; is tabhartas é ó Dhia.
9
Agus ní de bharr oibreacha i dtreo nach bhfuil cúis mhaíte ag duine ar bith.
10
Is dá dhéantús sinn mar gur cruthaíodh i gCríost Íosa sinn chun ár saol a thabhairt i mbun na ndea-oibreacha a bhí ullamh roimh ré dúinn ag Dia.
11
Cuimhnígí, dá bhrí sin, ar an mbail a bhí oraibhse tráth–sibh-se na gintlithe ó dhúchas a raibh ‘lucht an fhorchraicinn’ mar ainm oraibh ag an dream a thugadh ‘lucht an timpeallghearrtha’ orthu féin, ag tagairt don mharc lámhdhéanta úd ar an gcolainn.
12
Cuimhnígí go raibh sibh an uair úd ar deighilt ó Chríost, nach raibh aon chuid agaibh i stát Iosrael ná aon pháirt agaibh sna conarthaí ná sna gealltanais, go raibh sibh gan dóchas sa saol agus gan Dia féin.
13
Anois, áfach, tá sibh i gCríost Íosa; sibh-se a bhí tráth i bhfad i gcéin, tá sibh tagtha i ngaire de bharr fhuil Chríost.
14
Mar is eisean ár síocháin; is é a rinne aon bhuíon amháin den dá phobal nuair a leag sé ar lár an balla deighilte, an naimhdeas ina cholainn,
15
agus chuir ar ceal an dlí agus a chuid aitheanta agus forálacha dʼfhonn aon duine nua amháin a dhéanamh den bheirt ann féin trí shíocháin a dhéanamh eatarthu,
16
agus an dá bhuíon a thabhairt chun athmhuintearais le Dia in aon chorp amháin leis an gcros ar ar chuir sé an naimhdeas chun báis.
17
Tháinig sé ag fógairt dhea-scéal na síochána daoibhse a bhí i bhfad uaidh agus dóibh sin a bhí ina chóngar;
18
mar is tríd atá teacht againn araon ar an Athair faoi luí an aon Spioraid.
19
Dá réir sin ní eachtrannaigh ná coimhthígh sibh a thuilleadh ach comhshaoránaigh leis na naoimh agus baill de líon tí Dé.
20
Is foirgneamh sibh a bhfuil na haspail agus na fáithe ina mbunsraith faoi agus Críost Íosa féin ina chloch chinn chúinne aige.
21
Is ann a nasctar an foirgneamh ar fad le céile agus éiríonn sé in airde ina theampall naofa sa Tiarna.
22
Is ann chomh maith atá sibh-se do bhur gcomhthógáil agus áit chónaithe Dé dá dhéanamh díbh faoi luí an Spioraid.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6