bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Ephesians 3
Ephesians 3
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 4 →
1
Sin é an fáth a bhfuilim-se, Pól, agus mé i mo ghéibheannach ag Críost Íosa mar gheall oraibhse, gintlithe–
2
tá iomrá cloiste agaibh, ní foláir, ar an gcúram a thug Dia mar ghrásta dom in bhur gcomhair
3
agus mar a thug sé fios a rúin dom in aisling. Tá scríofa agam faoi seo go hachomair cheana
4
agus má léann sibh é féadfaidh sibh mo léargas-sa ar rúndiamhair Chríost a thuiscint.
5
Níor tugadh fios an rúin seo do na glúinte daoine a chuaigh romhainn ach tá sé arna nochtadh ag Dia anois faoi luí an Spioraid dá aspail naofa agus dá fháithe.
6
Agus is é rún é: gur comhoidhrí na gintlithe, gur comhbhaill den aon chorp iad agus go bhfuil siad comhpháirteach sa ghealltanas i gCríost Íosa tríd an dea-scéal.
7
Rinneadh maor ar an dea-scéal sin díom-sa nuair a bhronn Dia a ghrásta orm le héifeacht a chumhachta féin.
8
Is mé an duine is dearóile de na naoimh go léir, ach is dom-sa a tugadh an grásta seo: saibhreas do-chuimsithe Chríost a fhógairt do na gintlithe
9
agus leagan amach an rúin a léiriú do chách. Bhí an rún seo folaithe leis na cianta i nDia a chruthaigh gach a bhfuil ann,
10
i dtreo go bhfaigheadh tiarnais agus údaráis na spéire eolas anois tríd an Eaglais ar eagna ilghnéitheach Dé
11
de réir an bheartais shíoraí a chuir sé i bhfeidhm i gCríost Íosa ár dTiarna.
12
Is é Críost a bheir dúinn a bheith teann de bharr ár gcreidimh agus dul go muiníneach i láthair Dé.
13
Impím oraibh, dá bhrí sin, gan a bheith do-mheanmnach mar gheall ar na trioblóidí atá ag cur orm-sa ar bhur son, mar is údar glóire daoibh iad.
14
Sin é an fáth a dtéim ar mo ghlúine i bhfianaise an Athar
15
óna n-ainmnítear gach clann ar neamh agus ar talamh.
16
Go dtuga sé daoibh as ollmhaitheas a ghlóire go bhfaighidh sibh neart agus cumas inmheánach trína Spiorad,
17
go gcónóidh Críost in bhur gcroí trí chreideamh, go mbeidh sibh préamhaithe agus bunaithe sa ghrá
18
ar shlí go bhféadfaidh sibh féin agus na naoimh go léir fad agus leithead agus airde agus doimhneas an ghrá a thuiscint;
19
go gcuirfidh sibh eolas ar ghrá Chríost atá os cionn tuisceana agus go líonfar sibh de líonmhaireacht iomlán Dé.
20
Glóir don té úd ar féidir dó i bhfad níos mó a dhéanamh ná mar a dʼiarrfaimisne nó smaoineamh féin air, tríd an gcumhacht atá ag obair ionainn.
21
Glóir go raibh aige san Eaglais agus i gCríost Íosa ó ghlúin go glúin go brách na breithe. Áiméan.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6