bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Esther 10
Esther 10
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
1
Rinne an rí Aisiuéaróis cáin a thobhach ón tír agus ó oileáin na mara.
2
Éachtaí a chumhachta is a chumais, agus tuairisc iomlán ar an ardghradam a bhronn an rí ar Mhordacaí, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe na Méide agus na Peirse?
3
[Insítear freisin] go raibh Mordacaí an Giúdach i dtánaiste don rí Aisiuéaróis, ionas go raibh a ainm in airde i measc na nGiúdach, agus go raibh ardmheas air ag na sluaite dá bhráithre mar nach raibh uaidh ach leas a phobail féin agus gur síocháin dá chine go léir a chúram. 3a Agus dúirt Mordacaí: «Bhí lámh Dé sna gnóthaí sin go léir. 3b Is cuimhin liom an taibhreamh a rinneadh dom i dtaobh na nithe seo go léir, agus níl aon phioc díobh nár tháinig chun críche: 3c an tobar beag dá ndearnadh abhainn, agus solas, agus grian agus tulca uisce; Eistir an abhainn, an té a phós an rí agus a ndearna sé banríon di. 3d Hámán agus mé féin an dá dhragan. 3e Iad siúd a d' aontaigh le chéile le hainm na nGiúdach a scrios, iadsan na ciníocha. 3f Mo chinese, Iosrael, an cine aonair a ghlaoigh ar Dhia, agus a fuasclaíodh. Sea, d' fhuascail an Tiarna a phobal; shaor an Tiarna sinn ó na hurchóidí sin go léir; rinne Dia comharthaí agus éachtaí thar mar a tharla riamh i measc na gciníocha. 3g Cheap sé dhá chinniúint, aon chinniúint amháin do phobal Dé, agus malairt cinniúna do na ciníocha eile go léir. 3h Tháinig an dá chinniúint chun críche ar an uair agus ar an uain agus ar lá na breithe i láthair Dé do na ciníocha go léir. 3i Chuimhnigh Dia mar sin ar a phobal agus chosain sé a oidhreacht. 3j Beidh na laethanta seo dá bhrí sin, an ceathrú lá déag agus an cúigiú lá déag de mhí Adár, acu mar laethanta tionóil agus áthais agus aoibhnis i láthair Dé, ó ghlúin go glúin agus go brách i measc a phobail Iosrael.» 11v1 Sa cheathrú bliain de réimeas Ptoilimí agus Cleópatra, thug Dóisitéas fear a dhearbhaigh gur sagart agus Léivíteach é féin agus a mhac Ptoilimí an litir romhainn faoi Phúirím [go dtí an Éigipt]. Dhearbhaigh siad go raibh sí bailí agus gur tiontaíodh í ag Lisimeachas mac Ptoilimí de chuallacht Iarúsailéim.
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10