bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Esther 7
Esther 7
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 8 →
1
Chuaigh an rí agus Hámán isteach chun na fleá le hEistir an bhanríon
2
agus ar an dara lá dúirt an rí arís le hEistir, agus iad ag ól fíona: «Cén t-iarratas atá agat, a bhanríon Eistir? Gheobhaidh tú é. Cén achainí atá agat? Fiú más é leath mo ríochta féin é, níl agat é ach é a lorg.»
3
Leis sin d' fhreagair an bhanríon Eistir: «Má tá lé agat liom, a rí, agus más toil le do mhórgacht é, iarraim coimirce m' anama mar iarratas, agus coimirce anama mo mhuintire mar achainí.
4
Óir daoradh sinn mise agus mo mhuintir chun ár scriosta agus ár marfa agus ár millte. Mura mbeadh i gceist ach sinn a reic inár ndaoir agus inár ndaoirseacha, ní osclóinn mo bhéal ina thaobh; ach mar atá an scéal, tá sé thar chumas an ghéarleantóra an dochar a dhéanfar don rí a leasú.»
5
Labhair an rí Aisiuéaróis ansin agus d' fhiafraigh sé den bhanríon Eistir: «Cé hé an fear úd a bhfuil de dhánaíocht ann a leithéid a dhéanamh agus cá bhfuil sé?»
6
D' fhreagair Eistir: «Siúd é an géarleantóir! an namhaid! Hámán na hurchóide!» Tháinig sceimhle agus scéin ar Hámán i láthair an rí agus na banríona.
7
D' éirigh an rí ón bhfleá agus fraoch feirge air agus amach leis i ngairdín an pháláis; ach d' fhan Hámán ansiúd le hanacal anama a impí ar an mbanríon Eistir, mar ba léir dó go raibh olc beartaithe ag an rí ina aghaidh.
8
Nuair a d' fhill an rí ar ais ó ghairdín an pháláis go halla na fleá fíona, bhí Hámán caite ar an tolg mar a raibh Eistir. «Cad é seo!» arsan rí. «An bhfuil sé ar tí an bhanríon a éigniú os comhair mo shúl i mo theach féin?» Is ar éigean a bhí na focail as a bhéal nuair a cuireadh púicín an bháis ar Hámán.
9
Ansin dúirt Harbóna, duine de na coillteáin a bhí i láthair ag freastal ar an rí: «Maith mar a tharla! An chroch leathchead banlámh ar airde a ghléas Hámán do Mhordacaí, an té a thug anam an rí slán lena thuairisc thráthúil tá sí réidh ina theach.» «Croch uirthi sin é,» arsan rí.
10
Chrochadar Hámán dá bhrí sin ar an gcroch a ghléas sé féin do Mhordacaí, agus chuaigh fearg an rí chun suain.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10