Esther 5

Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)

← Chapter 4 Chapter 6 →
1Ar an tríú lá, nuair a scoir sí dá hurnaí, bhain sí di a feisteas troscaidh, agus chóirigh í féin in éidí a glóire. 1a Ansin, faoi mhaise niamhrach, ghlaoigh sí ar Dhia a thugann aire don uile dhuine agus a shlánaíonn cách, agus thug sí beirt ionailt léi ansin; luigh sí mar thaca go leochaileach ar dhuine díobh, agus lean an duine eile í ag iompar a triopaill. Bhí sí, mar a bheadh ag luí ar ghéag na hionailte go neamhchúiseach, ach dáiríre ba amhlaidh nach raibh sé de neart ina corp í a iompar; bhí an ionailt eile ina diaidh ag coimeád eireabaill fhairsing a gúna ón talamh a scuabadh. 1b Bhí luisne an róis ina leaca le barr snó; bhí grá agus lúcháir ina gnúis; ach bhí an croí á shnoí inti le heagla. 1c Chuir sí doras i ndiaidh dorais di go dtí gur tháinig sí i láthair an rí. Bhí seisean ina shuí ina ríchathaoir agus é gléasta i lánéide a mhórgachta, ag glioscarnach le loinnir an óir agus na liag lómhar; ba scanrúil an radharc é! 1d D' ardaigh sé a cheann agus loinnir na mórgachta ina ghnúis, agus d' fhéach uirthi le fraoch feirge. Thit an lug ar an lag ag an mbanríon; d' iompaigh a lí, agus lig sí a ceann ar a hionailt a bhí mar thaca aici. 1e Ach ansin bhog Dia croí an rí, agus thug spiorad níos cneasta dó. Phreab sé as a chathaoir agus eagla an domhain air agus rug ina dhá láimh uirthi nó gur tháinig sí chuici féin, agus bhí sé á muirniú lena chaint chneasta: 1f «Céard atá ort, a Eistir,» ar sé, «is mise do dheartháir; bíodh misneach agat; ní baol duit, ní bhfaighidh tú bás; don choitiantacht amháin an dlí seo linn. Tar anseo chugam.»
← Chapter 4 Chapter 6 →