bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Judges 13
Judges 13
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 14 →
1
Chrom clann Iosrael ar an olc a dhéanamh arís i bhfianaise an Tiarna, agus thug an Tiarna ar láimh iad do na Filistínigh ar feadh daichead bliain.
2
Bhí fear ó Zorá de threibh Dhán darbh ainm Mánóach, agus bhí a bhean aimrid, gan aon chlann uirthi.
3
Thaispeáin aingeal an Tiarna é féin don bhean seo agus dúirt sé léi: «Féach, tá tú aimrid, gan chlann (ach gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac).
4
Bí ar d' aire le barr cúraim dá bhrí sin as seo amach, agus ná hól aon fhíon ná aon deoch chrua, agus ná hith aon ní neamhghlan,
5
mar féach, gabhfaidh tú gin agus bearfaidh tú mac. Ná luíodh rásúr ar a cheann mar beidh an mac ina naizíreach do Dhia ó bhroinn a mháthar; eisean a chuirfidh tús le fuascailt Iosrael ó láimh na bhFilistíneach.»
6
D' imigh an bhean ansin agus dúirt lena céile: «Tháinig giolla ó Dhia chugam agus bhí a ghnúis mar ghnúis aingeal Dé le maorgacht. Níor chuir mé ceist air cárbh as dó, ná níor inis seisean dom cad ab ainm dó.
7
Ach dúirt sé liom: 'Gabhfaidh tú gin, féach, agus béarfaidh tú mac; ná hól aon fhíon ná aon deoch chrua, dá bhrí sin, agus ná hith aon ní neamhghlan, mar beidh an mac ina naizíreach do Dhia ó lá a shaolaithe go lá a bháis.'»
8
Ansin rinne Mánóach achainí chun an Tiarna agus dúirt: «A Thiarna, tagadh, impím ort, an giolla Dé a chuir tú cheana, chugainn arís; agus múineadh sé dúinn céard atá le déanamh againn leis an mac nuair a shaolófar é.»
9
D' éist an Tiarna le glór Mhánóach agus tháinig aingeal Dé arís chun na mná agus í ina suí sa ghort, gan Mánóach a céile ina teannta.
10
Rith sí le teann deabhaidh agus dúirt lena fear: «Féach, an fear a tháinig chugam an lá eile, thaibhsigh sé arís dom.»
11
D' éirigh Mánóach agus lean a bhean agus tháinig chun an fhir agus dúirt leis: «An tú an té a labhair leis an mbean seo?» «Is mé,» ar sé.
12
Ansin dúirt Mánóach: «Anois, nuair a chomhlíonfar do bhriathra, cén sort riail bheatha a bheidh ag an ógánach agus conas a dhéanfaidh sé é féin a iompar?»
13
Agus dúirt aingeal an Tiarna le Mánóach: «Na nithe a choisc mé ar an mbean seo, seachnaíodh [seisean] chomh maith.
14
Ná blaiseadh [sé] aon ní de thoradh na fíniúna, agus ná hóladh sé aon fhíon ná aon deoch chrua, agus ná hitheadh sé aon ní neamhghlan; déanadh sé de réir na n-orduithe go léir a thug mé don bhean seo.»
15
Dúirt Mánóach le haingeal an Tiarna: «Fan farainn, le do thoil, nó go n-ullmhóimid meannán duit,»
16
mar nach raibh a fhios ag Mánóach gurbh é aingeal an Tiarna é. Dúirt aingeal an Tiarna le Mánóach: «Fiú amháin má fhanaim faraibh, ní íosfaidh mé bhur mbia; ach más mian libh íobairt uileloiscthe a dhéanamh, ofráil í don Tiarna.»
17
Ansin dúirt Mánóach le haingeal an Tiarna: «Cad is ainm duit, i dtreo go dtabharfaimís ómós duit nuair a chomhlíonfar do bhriathra?»
18
D' fhreagair aingeal an Tiarna é: «Cad a ba áil leat ag fiafraí m' ainm díom, mar is iontach é.»
19
Ansin thóg Mánóach an meannán leis an abhlann agus d' ofráil é mar uileloscadh ar an gcarraig don Tiarna, an té a dhéanann iontais a chur i gcrích.
20
Nuair a bhí an bhladhm ag dul in airde chun na bhflaitheas ón altóir, ghabh aingeal an Tiarna suas i lasracha na haltóra os comhair súl Mhánóach agus a mhná, agus thiteadar ar a mbéal agus ar a bhfiacla ar an talamh.
21
Níor thaispeáin aingeal an Tiarna é féin a thuilleadh do Mhánóach agus dá bhean; thuig Mánóach as sin gurbh é aingeal an Tiarna a bhí ann.
22
Ansin dúirt Mánóach lena bhean: «Gheobhaimid bás, gheobhaimid, mar chonaiceamar Dia.»
23
Ach dúirt a bhean leis: 'Dá mba mhian leis an Tiarna sinn a chur chun báis, ní ghlacfadh sé íobairt uileloiscthe ná abhlann ónár lámha, ní thaispeánfadh sé na nithe seo go léir dúinn, ná ní inseodh sé a leithéidí seo dúinn.»
24
Rug an bhean mac agus thug sí Samsón air. D' fhás an leanbh, agus chuir an Tiarna a bheannacht air,
25
agus thosaigh spiorad an Tiarna ar é a spreagadh i Longfort Dhán idir Zorá agus Eisteáól.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 14 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21