bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Judges 17
Judges 17
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 18 →
1
In ardáin Eafráim bhí fear darbh ainm Míceáhú.
2
Dúirt sé lena mháthair: «An t-aon chéad déag seicil a tógadh uait agus a ndearna tú mallacht fúthu agus ar lean tú ort ina dtaobh rud a chuala mé le mo chluasa cinn féin
3
fógraím go sollúnta go ndéanfaidh mé an t-airgead seo a choisreacan de mo dheoin don Tiarna chun íomhá ghreanta (agus íol de mhiotal leáite) a dhéanamh tá an t-airgead geal sin agamsa; mise an té a thóg é; tugaim ar ais anois duit é.» D' fhreagair a mha.thair: «Go mbeannaí an Tiarna mo mhac!» agus thug Mi.ceáhú an t-aon chéad déag seicil ar ais di.
4
Ansin thóg a mháthair an t-aon chéad déag seicil airgid agus thug sí don ghabha geal é, agus rinne seisean íomhá ghreanta (íol de mhiotal leáite) de, agus cuireadh i dteach Mhíceáhú í.
5
Rinne Míceá scrín di, agus éafód agus taráfaím, agus cheap sé mac leis le bheith mar shagart aige.
6
Sna laethanta sin ní raibh aon rí in Iosrael agus rinne gach duine mar ba rogha leis.
7
Bhí ógánach as Beithil in Iúdá, de theaghlach Iúdá; Léivíteach a ba ea é, agus bhí sé ag cur faoi ansiúd mar dhuine deoranta.
8
D' fhág an fear seo Beithil in Iúdá ag lorg áit chónaithe. Ar a shiúlta tháinig sé go hardáin Eafráim agus go teach Mhíceá.
9
D' fhiafraigh Míceá de: «Cá has a dtagann tú?» D' fhreagair seisean: «Léivíteach mé as Beithil in Iúdá. Táim ag imeacht romham agus ag lorg áit ina bhféadfainn cur fúm.»
10
Dúirt Míceá leis: «Fan anseo liomsa; bí i d' athair agus i do shagart agam, agus tabharfaidh mé deich seicil sa bhliain duit, agus bia agus éadach,» agus thathain sé go dian ar an Léivíteach.
11
D' aontaigh an Léivíteach fanacht i dteach an fhir, agus bhí an t-ógánach aige mar mhac leis féin.
12
Chuir Míceá an Léivíteach i mbun a chúraim; rinneadh sagart do Mhíceá den fhear óg agus d' fhan sé ina theach.
13
Dúirt Míceá: «Tá a fhios agam go mbeidh rath ón Tiarna orm anois mar go bhfuil an Léivíteach seo mar shagart agam.»
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 18 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21