bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Judges 15
Judges 15
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 16 →
1
Tamaillín ina dhiaidh sin, i bhfómhar an arbhair, chuaigh Samsón ar ais ar thuairisc a mhná agus meannán aige di. «Rachaidh mé isteach ina seomra chun mo mhná,» ar sé. Ach ní ligfeadh a hathair isteach é.
2
Agus dúirt sé: «Bhí mé deimhin de go raibh tú bréan ar fad di; thug mé í do do chomrádaí dá bhrí sin. Nach dathúla an deirfiúr is óige ná í? Tóg ise ina háit, le do thoil.»
3
Dúirt Samsón leo: «Níl le déanamh agam anois chun sásamh a bhaint amach ó na Filistínigh ach díobháil a dhéanamh dóibh.»
4
D' imigh Samsón leis dá bhrí sin agus rug ar thrí chéad sionnach; fuair sé lóchrainn, chuir na sionnaigh eireaball le heireaball agus chuir lóchrann idir gach dhá eireaball.
5
Las sé na lóchrainn ansin agus scaoil leis na sionnaigh isteach i ngoirt arbhair na bhFilistíneach agus chuir idir phunanna agus arbhar gan baint trí thine, agus na fíniúna agus na crainn ológ chomh maith.
6
«Cé rinne é seo?» arsa na Filistínigh. Sé freagra a fuaireadar: «Samsón, cliamhain fhear Thimneá, mar gur thóg seisean a bhean ar ais uaidh agus gur thug í dá chomrádaí ina ionad.» Tháinig na Filistínigh aníos agus loisceadar í féin agus a [teaghlach] le tine.
7
Dúirt Samsón leo: «Más mar sin a dhéanann sibh sibh féin a iompar, ar mo leabhar nach scoirfidh mé nó go ndéanfaidh mé mé féin a agairt oraibh.»
8
Ansin thug sé fúthu ó thalamh agus thug ár agus eirleach orthu; síos leis ansin chun na pluaise i gCarraig Éatám agus d' fhan ansiúd.
9
Tháinig na Filistínigh aníos ansin agus shuíodar a longfort in Iúdá; rinneadar ionradh ar Leichí.
10
Ansin dúirt muintir Iúdá leo: «Cad a ba áil libh ag tabhairt fogha fúinne?» «Thángamar aníos,» ar siad, «chun greim a fháil ar Shamsón, agus an cor céanna a thabhairt air agus a thug seisean orainne.»
11
Ansin chuaigh trí mhíle d' fhir Iúdá síos go dtí an phluais i gCarraig Éatám, agus dúradar le Samsón: «Nach bhfuil fhios agat go bhfuil na Filistínigh i gceannas orainn? Cad é seo, más ea, atá déanta agat orainn?» Dúirt sé leo: «Thug mé an cor céanna orthu agus a thug siadsan ormsa.»
12
Agus dúradar leis: «Thángamar anuas chun tú a chur i gcuibhreacha agus tú a thabhairt ar láimh do na Filistínigh.» Dúirt sé leo: «Tugaigí mionn nach maróidh sibh féin mé.»
13
D' fhreagair siad: «Ní mharóimid; níl uainn ach thú a chur i gcuibhreacha agus a thabhairt suas dóibh; ní baol go maróimidne thú.» Cheanglaíodar é le dhá théad nua, agus thug siad aníos ón gCarraig é.
14
Ag teacht i gcongar Leichí dó, rith na Filistínigh chuige agus na gártha maíte á gcur suas acu; ach tháinig spiorad an Tiarna go tréan airsean, agus rinne mar a bheadh snáithe dóite lín de na téada a bhí ar a ghéaga, agus leáigh na cuibhreacha dá lámha.
15
Tharla cnámh géill úr asail ansiúd dó; shín sé a lámh agus rug greim air, agus leag míle fear ar lár leis.
16
Ansin dúirt Samsón: «Le cnámh géill asail rinne mé iad a phleancadh, Le cnámh géill asail rinne mé míle fear a threascairt.»
17
Nuair a bhí sin ráite aige, chaith sé uaidh an chnámh, agus sin é an fáth ar tugadh Rámat Leichí (Cnoc an Chnámh Géill) ar an áit.
18
Bhí an-tart air, agus ghlaoigh sé ar an Tiarna agus dúirt leis: «Tusa féin a dheonaigh an fhuascailt iontach seo trí láimh do shearbhónta; an bás de thart atá i ndán dom anois agus titim isteach i lámha na muintire gan timpeallghearradh?»
19
Ansin chuir an Tiarna scoilt sa log sa talamh ansiúd i Leichí, agus tháinig uisce as. D' ól Samsón, d' fhill a mhisneach air, agus tháinig neart arís ann. Tugadh Éan Hacórae ar an tobar sin dá bharrsan; tá sé ansiúd i Leichí go dtí an lá seo féin.
20
Bhí Samsón ina bhreitheamh in Iosrael le linn na bhFilistíneach ar feadh fiche bliain.
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 16 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21