bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Leviticus 17
Leviticus 17
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 18 →
1
Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2
«Labhair le hÁrón agus lena chlann agus le clann Iosrael agus abair leo: Seo daoibh briathar an Tiarna, á ordú:
3
Aon duine de theaghlach Iosrael a mharaíonn damh nó uan nó gabhar sa champa nó lasmuigh de,
4
ní foláir dó ar dtús é a thabhairt go doras Bhoth an Teagmhála lena ofráil don Tiarna os comhair a thaibearnacail; aon duine nach ndéanann amhlaidh cuirfear an fhuil a doirteadh ina leith; déantar é a ionnarbadh óna phobal.
5
Ar an gcuma sin, na hainmhithe is mian le clann Iosrael a mharú faoin tuath, tabharfar go dtí an sagart iad, don Tiarna, ag doras Bhoth na Teagmhála; déanfaidh siad iad a mharú ina n-íobairtí comaoineach don Tiarna.
6
Croitheadh an sagart an fhuil ar altóir an Tiarna atá ag doras Bhoth na Teagmhála; agus dódh sé an tsaill agus taitneoidh a boladh cumhra leis an Tiarna.
7
Ná déanfaidis a n-íobairtí a ofráil a thuilleadh do na saitirí dá ndearnadar striapachas tráth. Dlí síoraí é seo acu féin agus ag a sliocht ó ghlúin go glúin.
8
«Abair leo chomh maith: Aon duine de theaghlach Iosrael, nó aon deoraí ag cur faoi in bhur measc, a ofrálann íobairt uileloiscthe, nó íobairt eile,
9
gan í a thabhairt go doras Bhoth na Teagmhála, chun í a ofráil don Tiarna, gearrtar amach óna phobal é.
10
Aon duine de theaghlach Iosrael, nó aon deoraí ag cur faoi in bhur measc, má chaitheann sé fuil d' aon sórt, cuirfidh mé púic orm féin chun an duine sin a chaith an fhuil agus gearrfaidh mé amach óna phobal é.
11
Óir san fhuil atá anam na feola; thug mé daoibh í le gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar son bhur n-anam ag an altóir; mar is í an fhuil a dhéanann leorghníomh ar son an anama.
12
Uime sin a dúirt mé le clann Iosrael: Ná caitheadh aon duine agaibh fuil, ná aon deoraí ag cur faoi in bhur measc.
13
Aon duine de theaghlach Iosrael, nó aon deoraí ag cur faoi in bhur measc, a bheireann sa tseilg ar éan nó ar ainmhí is ceadmhach a ithe, déanadh sé a fhuil a dhoirteadh agus a chlúdach le cré.
14
Óir fuil gach feola is anam di; uime sin a dúirt mé le clann Iosrael: Ná caithigí fuil aon fheola mar is í a fuil anam gach feola agus aon duine a chaithfidh í, gearrfar amach óna phobal é.
15
Aon dúchasach nó deoraí a itheann ainmhí a fuair bás uaidh féin nó a stoll ainmhithe allta, déanadh sé a chuid éadaigh agus é féin a ní le huisce; beidh sé neamhghlan go nóin; ansin beidh sé glan.
16
Ach mura ndéanann sé a éadach ná a chorp féin a ní, bíodh deasca a lochta air.»
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 18 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27