bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Leviticus 9
Leviticus 9
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 10 →
1
Ar an ochtú lá, ghlaoigh Maois ar Árón agus ar a chlann mhac agus ar sheanóirí Iosrael.
2
Dúirt sé le hÁrón: «Tóg lao d' íobairt pheaca, agus reithe don íobairt uileloiscthe; bídís araon gan mháchail, agus tabhair leat chun an Tiarna iad.
3
Ansin abair le clann mhac Iosrael: 'Togaigí pocán gabhair don íobairt pheaca, agus lao agus uan bliana, iad araon gan mháchail, don íobairt uileloiscthe. Do na híobairtí comaoineach:
4
damh agus reithe le marú i láthair an Tiarna agus abhlann fuinte le hola. Óir taispeánfaidh an Tiarna é féin daoibh inniu.'»
5
Thugadar leo os comhair Bhoth na Teagmhála gach ar ordaigh Maois; tháinig an comhthionól uile i gcóngar agus sheasadar i láthair an Tiarna.
6
Dúirt Maois: «Is é seo a d' ordaigh an Tiarna daoibh a dhéanamh, d' fhonn go bhfoilseofaí a ghlóir daoibh.»
7
Ansin dúirt Maois le hÁrón: «Téigh chun na haltóra agus ofráil d' íobairt pheaca, agus d' íobairt uileloiscthe agus ceiliúir ar an gcuma sin gnás an leorghnímh duit féin agus do do mhuintir. Ansin tabhair ofráil an phobail agus ceiliúir an gnás leorghnímh dóibh, faoi mar a d' ordaigh an Tiarna.»
8
Chuaigh Árón chun na haltóra agus mharaigh sé an lao mar íobairt ar son a pheaca féin.
9
Ansin thug clann Árón an fhuil chuige; thum sé a mhéar san fhuil agus chuir cuid di ar bheanna na haltóra, agus dhoirt fuílleach na fola ag bun na haltóra.
10
Saill an íobairt pheaca, na duáin agus an meall saille ar an ae, loisc sé ar an altóir iad mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois.
11
Loisc sé an fheoil agus an tseithe lasmuigh den champa.
12
Mharaigh Árón an t-íobarthach a bhí le huileloscadh ansin; thug a chlann mhac an fhuil chuige agus dhoirt sé í ar imill na haltóra.
13
Ansin thugadar dó an t-íobarthach ina spólaí roinnte, a cheann chomh maith, agus dhóigh sé an t-iomlán seo ar an altóir.
14
Nigh sé an t-ionathar agus na cosa agus dhóigh iad ar an altóir mar aon leis an uileloisctheach.
15
Ansin thug sé ofráil an phobail i láthair. Thóg sé gabhar ofráil pheaca an phobail, mharaigh é, agus d' ofráil é ar son peaca dála an chéad chinn.
16
Thug sé an íobairt uileloiscthe i láthair ansin agus rinne de réir an ghnáis.
17
An abhlann a thug sé i láthair ansin; thóg sé dorn aisti agus dhóigh ar an tine é fara íobairt uileloiscthe na maidine.
18
Ar deireadh mharaigh sé an damh agus an reithe mar íobairt chomaoineach don phobal. Shín clann Árón an fhuil chuige agus dhoirt sé í ar imill na haltóra.
19
Saill an daimh agus an reithe an t-eireaball méith, an tsaill timpeall an ionathair, na duáin, an meall saille ar an ae
20
chuir sé an méid sin go léir ar na brollaigh agus loisc é go léir ar an altóir.
21
Rinne Árón na brollaigh agus an cheathrú dheas a ofráil mar dhleacht ar leith faoi mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois.
22
Ansin d' ardaigh Árón a lámha i dtreo an phobail agus bheannaigh iad. Nuair a bhí an íobairt pheaca, an íobairt uileloiscthe, agus an íobairt chomaoineach déanta aige ar an gcuma sin, tháinig sé anuas
23
agus chuaigh isteach i mBoth na Teagmhála le Maois. Amach leo araon ansin chun an pobal a bheannú agus d' fhoilsigh glóir an Tiarna don phobal ar fad.
24
Phreab lasair amach ó láthair an Tiarna agus loisc sí an tsaill ar an altóir. Ar a fheiceáil sin don phobal, chuireadar na gártha áthais suas, agus thiteadar ar a n-aghaidh.
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27