bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Leviticus 2
Leviticus 2
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 3 →
1
Más abhlann a ofrálann duine don Tiarna, bíodh a ofráil de phlúr agus doirteadh sé ola air agus cuireadh sé túis chumhra air.
2
Tugadh sé í chun clann Árón, na sagairt. Tógadh sé dorn den phlúr agus den ola, agus an túis chumhra go léir, agus dódh an sagart an méid sin ar an altóir mar chuimhneachán, ofráil loiscthe a mbeidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna.
3
Fuílleach na habhlainne, bíodh sé ag Árón agus a chlann mhac; is cuid shárnaofa é d' íobairtí dóite don Tiarna.
4
Más abhlann de thaos bruite sa sorn a bhíonn le hofráil agat, bíodh inti builíní slimaráin de phlúr fuinte le hola, nó cácaí slimaráin agus ola leata orthu.
5
Más abhlann bruite ar an ngrideall a ofrálann tú, bíodh sí de phlúr mín gan ghabháile, fuinte le hola.
6
Bris ina píosaí í, agus doirt ola uirthi, óir is ofráil bhia í.
7
Más abhlann bruite san oigheann do ofráil, bíodh sí de phlúr mín, bruite le hola.
8
Tabhair leat an abhlann a ullmhaíodh ar an gcuma sin chun an Tiarna agus cuir i láthair an tsagairt í agus tabharfaidh seisean chun na haltóra í.
9
Tógadh an sagart an chuid chuimhnithe den abhlann agus dódh sé ar an altóir í mar ofráil loiscthe a mbeidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna.
10
Fuílleach na habhlainne, bíodh sé ag Árón agus ag a chlann mhac; is cuid shárnaofa é d' íobairtí dóite don Tiarna.
11
Níl gabháile le dul i ndéantús aon abhlainne a ofrálfaidh sibh don Tiarna, óir ní ceadmhach daoibh choíche gabháile ná mil a dhó mar ofráil don Tiarna.
12
Ní miste iad a thabhairt chun an Tiarna mar ofráil chéadtorthaí ach nílid le dul suas mar chumhracht thaitneamhach ar an altóir.
13
Ní foláir salann a chur mar anlann le gach abhlann a ofrálfaidh tú; ná fág salann chonradh do Dhé in easnamh ar aon abhlann; ofráil salann le gach íobairt.
14
Más céadtorthaí a bhíonn á n-ofráil agat mar abhlann don Tiarna, ofráil, mar abhlann ó do chéadtorthaí, grán nua meilte ó dhiasa úra, agus é tíortha ag an tine.
15
Cuir ola leis agus túis chumhra air; is abhlann é.
16
Mar chuid chuimhnithe, dódh an sagart cuid den ghrán meilte agus den ola agus an túis chumhra go léir; is íobairt dhóite don Tiarna í.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27