bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Nahum 1
Nahum 1
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 2 →
1
Réamhrá
2
Dia éadmhar díoltasach is ea an Tiarna; tá an Tiarna díoltasach agus lán feirge; Is ar a eascairde a imríonn an Tiarna díoltas; is dá naimhde a choinníonn sé a chuid feirge i dtaisce.
3
Cinnte tá an Tiarna mall chun feirge agus is mór í a chumhacht; Go deimhin ní fhágann sé an drochdhuine gan phionós. Déanann sé a bhealach trí iomghaoth agus stoirm; is iad na néalta an deannach a chuireann a chosa san aer.
4
Tugann sé iomardú don fharraige agus cuireann sé i ndísc í; triomaíonn sé na haibhneacha go léir. Tá Báiseán agus Cairmeil ag meathlú agus fásra na Liobáine ag feo.
5
Tá na sléibhte ar crith roimhe agus na cnoic á leá. Ina láthairsean scriostar an talamh agus an domhan, agus gach duine dá gcónaíonn ann,
6
Cé a fhéadann seasamh in aghaidh a chuthaigh? Cé a fhéadann a theasaíocht a fhulaingt? Bladhmann a chuid feirge amach mar thine, agus scoiltear na carraigeacha os a chomhair.
7
Is maith é an Tiarna; dún daingean is ea é lá na buartha.
8
Is aithnid dó na daoine a théann ar a choimirce nuair a thagann an díle. Ach díothóidh sé na daoine a éiríonn ina choinne agus rachaidh sé sa tóir ar a naimhde isteach sa dorchadas.
9
Cén chomhcheilg atá á beartú agaibh ín aghaidh an Tiarna? Eisean a t-ollscriostóir. Tá deireadh leis an ansmacht go deo.
10
Ídeofar iad mar sceacha aimhréiteacha, mar choinleach tirim, go hiomlán.
11
Asatsa a tháinig an bithiúnach de chealgaire a bheartaigh olc in aghaidh an Tiarna.
12
Deir an Tiarna é seo: «Dá fheabhas agus dá líonmhaire iad, coscrófar agus dísceofar iad. Cé gur smachtaigh mé thú cheana, ní dhéanfaidh mé amhlaidh níos mó.
13
Brisfidh mé díot anois an chuing a leag sé ort agus réabfaidh mé do chuibhreacha ó chéile.»
14
Tá an t-ordú seo tugtha ag an Tiarna i do thaobh: «Ní bheidh sliocht ort a dtabharfar d' ainm orthu feasta; tógfaidh mé na híomhánna greanta agus na dealbha teilgthe chun siúil as teampall do dhéithe; ullmhóidh mé uaigh duit, mar is suarach an duine thú.»
15
2:1 Féach, tá teachtaire ag brostú thar dhroim na sléibhte agus é ag fógairt na síochána. Céiliúir do chuid féilte, a Iúdá; comhlíon do mhóideanna. Óir ní ghluaisfidh an bithiúnach tríot arís mar tá sé scriosta go hiomlán.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3