bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Nahum 2
Nahum 2
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 3 →
1
2 Tá millteoir ag teacht i do choinne, Cuir an dún faoi chosaint; déan faire ghéar ar an mbóthar; cóirigh thú féin chun catha; cruinnigh do neart go léir.
2
3 Tá an Tiarna ag athbheochan niamhracht Iacóib agus niamhracht Iosrael chomh maith d' ainneoin gur scrios na scriostóirí iad agus gur mhill siad a gcraobhacha.
3
Scartáil Nínivé 4
4
5 Gluaiseann na carbaid go fraochta trí na sráideanna; ropann siad ó áit go háit sna cearnóga. Is cosúil le tóirsí iad agus iad ag rith anonn agus anall mar splancacha tintrí.
5
6 Glaonn sé ar a chuid oifigeach; imeacht tuisleach atá fúthu agus iad ar a slí chuige. Réabann siad chun cinn in aghaidh an bhalla; cheana féin tá an sceallbholg suite go daingean ina áit.
6
7 Tá na geataí chun na n-aibhneacha ar oscailt agus gach duine dá bhfuil sa phálás imithe chun scaoill.
7
8 Ardaítear an dealbh chun siúil chun í a thabhairt go tír iasachta; tá a cuid banóglach ag ligean osnaí uathu mar chorracú colm agus ag bualadh a n-ucht le teann díomá.
8
9 Is cuma Nínivé nó taiscumar a bhfuil an t-uisce ag rith as. «Stadaigí, stadaigí!» Ach ní chasann duine ná deoraí ar ais.
9
10 «Sladaigí an t-airgead! Sladaigí an t-ór!» Tá saibhreas gan áireamh ann, flúirse den uile shaghas maoine.
10
11 Slad, creachadh, léirscrios! Croíthe á leá le heagla! Glúine ag bualadh le chéile! Áranna ar aon bharr amháin creatha! Aghaidheanna ar dhath an bháis!
11
Cá bhfuil pluais na leon, uachais na leon óg? Nuair a d' imíodh an leon amach, d' fhanadh an leon baineann agus na coileáin istigh agus ní chuirfí isteach orthu, 12
12
13 Stróiceadh an leon go leor creiche dá choileáin agus thachtadh sé a sáith di dá leoin bhaineanna. Líonadh sé a uaimheanna lena chreach, agus a phluaiseanna le conablaigh stróicthe.
13
14 Féach, táimse i d' aghaidh, a deir Tiarna na Slua. Cuirfidh mé do charbaid trí thine agus ídeoidh an claíomh do leoin óga. Cuirfidh mé críoch le do chuid creachadóireachta sa tír agus ní chloisfear glór do theachtairí níos mó.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3