bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Nahum 3
Nahum 3
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
1
Is mairg do chathair na fola, atá lomlán de chamastaíl agus líonta le creach agus nach bhfuil teorainn leis an slad a dhéanann sí,
2
Bloscadh fuipeanna, tormáil rothaí, capaill ar cosa in airde, carbaid ar léim lúith!
3
Eachra ag ionsaí, claimhte ag bladhmadh, sleánna ag drithliú? sluaite gonta, na mílte marbh, coirp gan áireamh a bhaineann tuisle as cách!
4
De dheasca oll-líon na ngníomhartha striapachais a rinne an striapach ghrástúil sciamhach, atá oilte ar orthanna draíochta, agus a chuir daoirse ar na náisiúin lena cuid striapachais agus ar chiníocha lena horthanna draíochta,
5
féach, táimse i d' aghaidh, a deir Tiarna na Slua. Tógfaidh mé suas do sciortaí chomh hard le d' aghaidh agus taispeánfaidh mé do nochtacht do na náisiúin agus do náire do na ríochtaí.
6
Caithfidh mé cac ort, náireoidh mé thú agus déanfaidh mé seó bóthair díot.
7
Agus gach uile dhuine a bhreathnóidh ort, teithfidh sé uait, á rá: «Tá Nínivé léirscriosta!» Cé a chaoinfidh í? Cad as a bhfaighidh mé sólásaithe di?
8
An bhfuil tusa níos fearr ná an Teibh, cathair a bhí suite ar bhruach na hAbhann? (Bhí uiscí ina timpeall) Bhí an fharraige aici mar urbhalla agus na huiscí mar bhábhún.
9
B' iad an Aetóip agus an Éigipt a neart. (Ní raibh aon teorainneacha aici.) B' iad Pút agus an Libe a comhghuaillithe.
10
Ach ina dhiaidh sin féin tugadh chun siuíl í; d' imigh sí léi i mbraighdeanas; rinneadh deargár ar a páistí chomh maith ag cúinní na sráideanna uile; cuireadh a daoine uaisle ar chrainn agus ceanglaíodh a fir cháiliúla le slabhraí.
11
Cuirfear thusa ar meisce freisin agus beidh tú ar mearbhall céille. Caithfidh tusa tearmann a lorg ón namhaid chomh maith.
12
Tá do dhúnta go léir cosúil le crainn fígí atá ag tabhairt fígí luatha uathu; má chroitear iad titfidh na torthaí isteach i mbéal an alpaire.
13
Féach ar do thrupaí, níl iontu ach mná. Tá geataí do thíre ar dianleathadh roimh do naimhde, agus do bharraí comhla loiscthe ag tine.
14
Tarraing uisce le haghaidh an léigir; neartaigh do dhúnta; satail ar an láib; pasáil an chré; beir greim ar an múnla brící.
15
Ansin loiscfidh an tine thú; ciorróidh an claíomh thú; (ídeoidh sé thú mar a dhéanfadh an lócaiste). Déan thú féin chomh líonmhar leis an lócaiste; déan thú féin chomh hiomadúil leis an dreoilín teaspaigh.
16
16a Cuir le do chuid trádálaithe chun go mba líonmhaire iad ná réaltaí neimhe; 16b leathann na lócaistí a sciatháin agus eitlíonn siad leo; ABN: 16a, 17a, 16b, 17b.
17
17a bíodh do chosantóirí mar dhreoilíní teaspaigh agus do scríobhaithe chomh tiubh le saithe feithidí, a thuirlingíonn ar na ballaí lá fuar. Ach nuair a éiríonn an ghrian, 17b imíonn siad as radharc agus ní bhíonn a fhios ag aon duine cá mbíonn siad.
18
Faraor! Cad é mar a chodlaíonn do chuid aoirí, (a rí na hAsaíre)! Cad é mar atá do laochra i dtoirchim suain! Tá do mhuintir scaipthe ar na sléibhte agus níl aon duine ann chun iad a chruinniú arís.
19
Níl aon legheas ar do lot; is marfach í do chneá. An uile dhuine a chloiseann do scéal, buaileann sé bosa mar gheall ort. Óir cé air nár luigh do dhanarthacht gan staonadh?
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
All chapters:
1
2
3