bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Peter 1
1 Peter 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 2 →
1
Peadar, absdal Iósa Críosd, chum na gcoigcríoch atá sgartha ó chéile ar feadh Phontus, Ghalátia, Chappadócia, na Hásia, agus na Bitínia,
2
Ar na dtógha do réir réimhfhios Dé Athar, chum náomhthachda na Sbioruide, tré úmhlachd agus crothadh fola Iósa Críosd: Grása, agus síothcháin, go ró líonmhar maille ribh.
3
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Dathair ar Dtíghearna Iósa Críosd, noch do aithghin sinn do réir a mhórthrócaire chum béomhuinighne tré eiséirghe Iósa Críosd ó mharbhuibh.
4
Chum oighreachda neamhthruailligh, gan cháidhe, nach dtéid a seirge, choimhéudtar ar neamh fá bhur gcomhairse.
5
Chúmhduighthear ré neart Dé tré chreideamh chum slánuighe atá ullamh ré a fhoillsiughadh sa naimsir dheigheanuidh.
6
An ní ann a bhfuil sibhse ag déunamh gáirdeachais, bíodh go bhfuil sibh a nois ré sealad, má atá na riachdanus, fá thuirse a gcathuighthibh éugsamhla:
7
Ionnus go bhfuighthigh dearbhadh bhur gcreidimh, is rouáisle na ór théid air neimhní, bíodh go ndearbhthar é lé teine, na mholadh agus na onóir agus na ghlóir an tan fhoillseóchas Iósa Críosd é féin:
8
An tí dhá dtughabhair grádh, bíodh nach bhfacabhair é; ann a bhfuil sibh a nois ag creideamh, gé nach léir dhibh é, agus as a ndéuntaói gairdeachas ré lúathgháire dhófhaisnéis ghlórmhar:
9
Ag glacadh chríche bhur gcreidimh, sláinte na nanmann.
10
An slánughadh ar a ndearnadar na fáidhe lórgaireachd agus cúartughadh, noch do rinne fáidheadóireachd ar an ngrás do thiucfadh chuguibhse:
11
Ag cúartughadh, créd í a nuáir nó a náimsir do fhoillséochadh Spiorad Chríosd noch do bhí ionntadh, ag déunamh réimhfíadhnuise air na neithibh do bhí a ndán do Chriósd fhulang, agus an ghlóir rómhor do leanfadh dhíobh.
12
Dár foillsigheadh, nach dóibh féin achd dúinne do dhéunaidís miniosdrálachd na neitheann, atá a nois ar na bhfoillsiughadh dhíbhse leis an druing lér seanmóruigheadh an soisgéul díbh trés an Spiorad náomh do cuireadh ó neamh a núas; na neithe is mían ris na hainglibh fhaicsin.
13
Uime sin ar gcreasrughadh leasruigh bhur ninntinne dhibh, maille ré measarrghachd, bíodh dóchas diongmhálta aguibh as an ngrás atá ar na thabhairt chuguibh a dtaisbéunadh Iósa Críosd;
14
Mar chloinn na húmhlachda, gan bheith dhíbh dá bhur nathchuma féin ris na hainmíanuibh do ghnáthuigh sibh roimhe ann bhur nainbhfios:
15
Achd do réir mar atá an tí do ghoir sibh náomhtha, bíghidhse mar an gcéudna náomhtha sa nuile choinbhearsáid;
16
Do bhrigh go bhfuil sgríobhtha, Bighidhse náomhtha; óir atáimse náomhtha.
17
Agus dá ngoiridh sibh Athair don tí do ní breitheamhnus do réir gníomha gach aóin gan féuchain do phearsuinn seach a chéile, caithidh aimsir bhur noilirthe maille ré faitcheas:
18
Ar mbeith a fheasa aguibh nach lé neithibh truáillighe, ré hairgead ná hór do fúasgladh síbh ó bhur gcoinbhearsaid dhíomhaóin dár leanabhair do réir luirg na sinnsear;
19
Achd ré fuil mhórluáidh Chríosd, amhuil uáin gan cháidhe gan lochd:
20
Noch do hórduigheadh roimh chrúthughadh an domhain, achd do foillsigheadh sna haimsearuibh deigheanacha ar bhur sonsa,
21
Noch thrídsean chreideas a Ndía, do thóg súas é ó mharbhuibh, agus tug gloir dhó; ionnus go mbeith bhur gcreideamh agus bhur muinighin a Ndía.
22
O rinneabhair bhur nanmanna glan a númhlachd na fírinne trés an Spiorad chum grádha bráithreamhuil gan fhallás, bíodh grádh díoghraiseach aguibh dhá chéile ó chróidhe ghlan:
23
Ar mbeith dhibh ar bhur naithghinéamhuin, ó shíol nach truáillighe, achd neamhthruáillighe, tré bhreithir Dé, mhaireas agus chómhnuigheas go síorruidhe.
24
Oír atá a nuile fheóil mar an bhféur, agus a nuile ghlóir dháonna mar bhláth a nféir. Searguidh a féur, agus tuitigh a bhláth she:
25
Achd fanuigh bríathar an Tíghearna go síorruidhe. Agus á sí so an bhríathar do soisgéulughadh dhíbhse.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5