bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Peter 2
1 Peter 2
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 3 →
1
Uime sin ar gcur na huile aingidheachda, agus meabhla, agus fhalláis, agus thnútha, agus an uile ithiomráidh uáibh,
2
Mar naóidheanuibh núaidhbheartha, bíodh fonn aguibh a mbainne fhíorghlan na bréithre, chum bheith dhíbh ag fás ris:
3
Má bhlaiseabhair créd é míllse an Tíghearna.
4
An tí chum a bhfuil sibh ar dteachd, noch is cloch béo, do dhíultadh go deibhin ó dhaóinibh, achd atá toghtha mórluáidh, ag Día,
5
Agus bíghidhse mar bhéochlochaibh, tógtha súas bhur dtigh spioradálta, bhur sagartachd náomhtha, chum íodhbarthadh spioradálta dforáil, ar a mbiáidh gean ag Día tré Iósa Críosd.
6
Uime sin atá sgríobhtha sa sgriobtuir, Féuch, cuirim a Síon priomhchloch an chuáinne, toghtha, mórluáidh: agus an tí chreideas innte ní bhfuighe sé náire.
7
Ar a nadhbharsin atá sí na honóir dhíbhse agá bhfuil creideamh: achd don druing atá easúmhal, don chloich úd do dhíultadar na saóir, do rinneadh cloch chin an chuáinne,
8
Agus cloch oilbhéime, agus carruic thuislidh, don druing bhíos casúmhal, do gheibh oilbhéim fán mbréithir: chum ar hórduigheadh fós íad.
9
Achd is cinéul toghtha sibhse, sagartachd ríogha, cineadh náomhtha, pubal ar leith; ionnus go bhfoillséochadh sibh subháilcidhe an tí do ghoir sibh as dorchadus chum a sholais iongantuigh féín.
10
Noch a nallód nach raibh bhur bpobal, achd a nois as pobal do Dhía sibh: a dhream nach bhfuáir trócaire, atá sibh a nois ar bhfagháil trócaire.
11
A chaired grádhach, íarruim dathchuinge oruibh mar dhéoruidhibh agus oilirthibh, sibh féin do sheachna ar ainmhíanuibh na colla, noch bhíos ag cáthughadh a naghuidh a nanma.
12
Bíodh deaghchoinbhearsáid aguibh a measg na Gcineadhach: ionnas a náit a nithiomráidh do níd oruibh mar luchd mighníomh, go madh héidir ríu as ma déaghoibribh, do chífid síad, glóir do thabhairt do Dhía sa lá na bhfeuchfuidh orrtha.
13
Uime sin bíghidh úmhal dá gach uile ordaighthe dhaóna, ar son an Tíghearna: ní hé amháin don rí, mar an tí agá bhfuil áirdcheannas;
14
Achd do na húachdaránuibh mar an gcéudna, mar an luchd curtha úadh chum díoghaltuis ar luchd na míghníomh, agus chum molta luchd na ndeighghníomh.
15
Oír is mar sin ag déunamh maitheasa dhíbh, as toil lé Día srían do chur ré hainbhfios na ndaóineadh éigcéillidhe:
16
Mar dhaóine sáora, agus ní mar an druing agá bhfuil an tsaóirse na brat foluidhthe a nuilc, achd mar shearbhfhoghantuighidh Dé.
17
Tuguidh onóir do na huile dhaóinibh. Grádhuighe na dearbhráithre. Bíodh eagla Dé oruibh. Tuguidh onóir don rí.
18
A shearbhfhoghantuighidh, bíghidh úmhal dá bhur máighisdribh maille ris a nuile fhaitcheas; ní hé amháin do na máighisdribh maithe déaghchróidheacha, achd fós do na droch mháighisdribh.
19
Oír is ní so is fíu buidheachas, dá niomchruidh neach doilgheas ar son coinnsiáis chum Dé, ag fulang na héugcóra.
20
Oír créd é mar ádhbhar molta, dá niomchra sibh go fóighideach, gabháil do dhórnuibh oruibh ar ndéunamh peacuigh dhíbh? achd, dá bhfuilnge sibh go foighideach, agus sib hag déunamh maitheasa, as ní sin dá bhfuil Día buidheach.
21
Oír is chuige so fós do goireadh sibh: óir do fhúluing Críosd mar an gcéudna air ar soinne, ag fábháil sómpla aguinn, ionnus go leanfadh sibh a lorg:
22
An tin ach dearnuidh peacadh, agus ag nach fríth meabhail na bhéul:
23
An tí, nach dearnuidh anchaint, a naghuidh na hanchainte do rinneadh air; nach dearnuidh bagair, ag fulang dho; achd tug é féin a láimh an tí do ní breitheamhnus go ceart:
24
An tí diomchair ar bpeacuighne ann a chorp féin air an gcrann, ionnus air mbeith dhúinne marbh do na peacuighibh, go mairfemís do nfíréuntachd: an tí agár leigheasadh sibhse ré na chréuchduibh.
25
Oír do bhábhair mar cháorchuibh seachráin; achd a nois do filleadh sibh go Háodhaire agus go Heasbóg bhur nanmann.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5