bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Peter 4
1 Peter 4
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 5 →
1
Uime sin ó dfulaing Críosd air ar soinne sa gcoluinn, cuiridhse an smuáineadh céudna na arm iomuibh: eadhon an tí dfulaing sa gcoluinn gur sguir sé ó pheacadh;
2
Ionnus nách ccaithfeadh sé feasda fuigheall na haimsire atá aige sa gcoluinn réir aimhían na ndaóineadh, achd réir thola Dé.
3
Oír is lór dhúinn an mhéid do chuáidh thoruinn dár mbeatha do chaitheamh réir thola na Gcineadhach, ar mbeith dhúinn ag siúbhal a macnas, a nainmhíanuibh, a meisge, a gcráos, a bpótaireachd agus a níodhaladhradh aindlightheach:
4
An ní ann a bhfaighuid iongnadh gan sibhse ríoth ríu sa neimhmheasarrghachd chéudna, ag labhairt go masluigheach oruibh:
5
An dream bhéuras conntas uátha don tí atá ullamh chum breitheamhnuis do dhéunamh air bhéódhuibh agus air mharbhuibh.
6
Oír as chuige so do seanmóruigheadh an soisgéul do na marbhuibh mar an gcéudna, chum breitheamhnuis do dhéunamh orrtha réir dhaóineadh sa gcoluinn, agus chum mairthana dhóibh réir Dé sa spioruid.
7
Agus atá críoch na nuile neitheann ag druid rinn: uime sin bíghidh measarrgha, agus déunuigh faire a nurnuighibh.
8
Agus roimh na huile neithibh bíodh grádh ro dhioghraiseach aguibh dhá chéile: óir cuirfidh an grádh folach ar iomad peacadh.
9
Tuguidh aóidheachd dá chéile gan monmhar.
10
Ag déunamh miniosdralach dá chéile, gach áon réir tiodhlaice fuáir sé, mar fheadhmanntacha maithe ghrás eugsamhui; Dé.
11
Má labhrann éanneach, lábhradh mar bhríáthra Dé; má ní éainneach miniosdrálachd, déunadh í réir na hacfuinne bheir Día úadh: ionnus go bhfuighe Díá glóir sna huile neithibh tré Iósa Críosd; agá bhfuil glóir agus cumhachda go sáoghal na sáoghal. Amén.
12
A chaired, ná bíodh iongnadh aguibh sa dteasdughadh tinntighe do nithear oruibh chum bhur ndearbhtha, amhnil do theigéumhadh ní éigin coimhthigheach dhibh:
13
Achd go madh haóibhinn libh, sibh féin fo bheith pártach ré buáidhearthuibh Chríosd; ionnus, go mbiáidh gáirdeachas agus meanma mhór oruibh mar an gcéudna, an tan fhoillséochar a ghlóirsion.
14
Má mhasluighthear sibh ar son anma Chríosd, atáthaói beannaighe; óir do ní Sbiorad na glóire agus Dé comhnuighe orúibh: noch do gheibh masla dhá dtáobhsan, agus glóir dá bhur dtáobhsa.
15
Achd cheana ná fuilngeadh éunduine aguibh mar fhear dúnmharbhtha, nó mar bhítheamhnach, nó mar fear mí ghníomh, nó mar neach shaitheas é féin a neithibh nach beanann ris.
16
Achd má fhuilngeann sé mar chríosduighe, ná gabhadh náire é; achd tugadh glóir do Dhíá dhá tháobh.
17
Oír tháinic aimsir an bhreitheamhnuis do tosughadh ó thigh Dé: agus más uáinne thosuighthear é, créd bhus críoch don druing atá easúmhal do shoisgéul Dé?
18
Agus más air éigin sháorthar an firéun, ca háit a dtaisbéunfa an duine neimhdhíagha agus an peacach é féin?
19
Uime sin an dream fhuilngeas réir thola Dé táobhaidís a nanmanna ris mar Chrúthaightheóir díleas, a ndéunamh na maitheasa.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5