bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Peter 3
1 Peter 3
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 4 →
1
Biodh na mná, mar an gcéudna, úmharl dá bhfearuibh fein; ionnas, go bhféudfuidhe an dream nach dtabhair úmhlachd don bhréithir, do tharruing a bhféugmhuis na bréithre tré choinbhearsáid na mban;
2
An tan chífid síad bhur gcoinbhearsáid gheanmnuidh maille re faitcheas.
3
Nar go foiriomlach bhías a maise a ngruáig chasda, ná a gcur óir na dtimchioll, ná a gcur chulúigheach orrtha;
4
Achd go madh hé a maise duine foluigheach an chróidhe, a neamhthruáilleadh, spioruide ceannsa ciúin, noch is morluáich a bhfíadhnuise Dé.
5
Oír is mar so niódh a nallód na mná náomhtha, do chuireadh a munighin a Ndia, íad féin do dheaghmhaisiughadh, ar mbeith dhóibh úmhal dá bhfearuibh:
6
Amhuil tug Sára úmhlachd Dábhraham, ag gairm Tíghearna dhe: dárab ingheana sibhse, an feadh do ní sibh maith, agus nach ccriothnuighthear sibh ré faitchios ar bith.
7
A fhíora, mar an gcéudna, déunuidh cómhnuighe a bhfochair bhur mban mar is cubhaidh do dhaóinibh iúlmhara, ag tabhairt onóra don mhnaói, amhuil don tsoitheach as laige, amhail fós atá sibh bhar gcómhóighribh ghrás na beatha; deagla thoirmisg do chur ar bhur nurnuighibh.
8
Fá dheóigh, bíghidh uile déininntinn, ag comhfhulang ré chéile, bíodh grádh bráthargha eadruibh, bíghidh trócaireach, sóchaidridh:
9
Ná déunuigh olc a naghuidh uilc, ná anchaint a naghuidh anchainte: achd go contrárgha dhó sin, tuguidh bhur mbeannachd; ar mbeith a fheasa aguibh gur chuige so do goireadh sibh, ionnas go bhfuigheadh sibh féin beannachd mar oighreachd.
10
Oír gidh bé agá bhfuil dúil ann a bheatha, agus ré ar mían laéthe maithe dfaicsin, congmhadh sé a theanguidh na tochd ó olc, agus a bhéul ó mheabháil a labhairt:
11
Seachnadh an tolc, agus déunadh an mhaith; iárradh an tsíothcháin, agus leanadh dhi.
12
Oír atáid súile an Tíghearna ar na fíreunuibh, agus a chlúasa osguilte dha nurnuighe: achd atá gnúis an Tíghearna a naghuidh na druinge do ní na huile.
13
Agus cía dhéunas olc oruibh, má leanann sibh don mhaith?
14
Gidheadh fós má fhuilngthidh ar son na firéuntachda, atá sibh beannuighe: agus ná bíodh eagla mar a neaglasan oruibh, agus ná bíghidh buáidheartha;
15
Achd náomhuígh an Tíghearna Día ann bhur gcróidhthibh: Agus bíghidh ullamh do ghnáth lé freagra thabhairt uáibh do gach aóinneach shireas oruibh réusun na muinighne atá aguibh maille ré ceannsachd agus ré faitcheas:
16
Ar mbeith do choinnsías maith aguibh: ionnas, an tan labhruidh go holc oruibh, mar luchd míghníomh, go mbíadh náire orrtha ag fagháil lochda ar bhur ndeaghchoinbhearsáid a Gcríosd.
17
Oír is fear dhíbh, mas amhluidh as toil lé Día é, fulang ag déunamh maitheasa, ná ag déunamh uile.
18
Oír do fhulaing Críosd fós éunuáir amháin ar son na bpeacadh, an firéun ar son na neimhfhiréun, ionnus go dtiubhradh sinne chum Dé, do bhásuigheadh é a dtáobh na colla, achd do béodhaigheadh é ris an Spioruid:
19
Tré a ndeachuigh sé fós do sheanmóir do na spioraduibh a bpríosún;
20
Noch do bhí easúmal a nallód, an tan do fhan foighid fhada Dé a láethibh Náoi, an feadh do bhí a náire dhá hullmhúghadh, ionnar cáomhnadh beagán, eadhon, ochd bpearsanna tré uisge.
21
A ní fós ré dtig an baisdeadh ré sáothar sinne a nois ag freagra na heísiomplara sin (ní hé cur uáinn shalchair na colla, achd fiarfuidhe dheaghchoinsiáis a dtáobh Dé,) tré eiséirghe Iósa Criosd.
22
Noch atá ar deis Dé, tar éis dul ar neamh; dá bhfuilid na haingil agus na cúmhachda agus na subháilcidhe fá úmhlachd dhó
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5