bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Kings 15
2 Kings 15
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 16 →
1
Annsa seachdmhadh blíadhain fihthchiod do Ieroboam rígh Israel do thosuigh Asariah mac Amasiah rígh Iúdah a ríghe.
2
Sé blíadhna déug daois bhí sé a núair do thosnigh sé a ríghe, agus do bhí na rígh dhá bhlíadhuin déug agus da fhithchiod ann Ierusalem. Agus do bé ainm a mhathar Iecholiah ó Ierusalem.
3
Agus do rinne sé ceart a radharc an TIGHEARNA, do reir a nuile ní dá ndéarnuidh Amasiah a athair;
4
Acht níor háthruigheadh na háite árda: do nídis an pobal iodhbairt agus do loisgedis túis a ccomhnuidh annsna háitibh árda.
5
¶ Agus do bhuáil an TIGHEARNA an rígh, iondus go raibh sé na lobhar go ló a bháis, agus do rinne sé comhnuigh a ttigh ar leith. Agus do bhí lótam mac an rígh ós cionn an tighe, ag déanamh breitheamhnuis air phobal na tire.
6
Agus an chuid oile do ghníomhuibh Asariah, agus a ndéarna sé uile, nach bhfuilid síad scríobhtha a leabhar croinice ríogh Iúdah?
7
Mar sin do choduil Asaria agá aithribh; agus do hadhlaiceadh é a bhfochair a aithreadh a ccathruigh Dháibhi: agus do ríoghaidh Iótam a mhac iona áit.
8
¶ Ann sa nochdmhadh blíadhuin déag ar fhithchid do Asariah rígh Iúdah do bhí Sachariah mhac Ieroboam na rígh ar Israel a Sámaria sé mhí.
9
Agus do rinne sé olc a radharc an TIGHEARNA, mar do rinneadar a aithre; níor dhealuigh sé ré peacadh Ieroboam mhic Nébat, noch thug ar Israel peacughadh.
10
Agus déirigh Sallum mac Iabes na aghaidh, agus do bhuáil sé é as coinne an phobail, agus do mharbh sé é, agus do bhí féin na ríogh iona áit.
11
Agus an chuid oile do ghniomhuibh Shachariah, féuch, atáid síad scríobhtha a leabhar croinice ríogh Israel.
12
Bá hé so focal an TIGHEARNA noch do labhair sé re Iehu, gha radh, Suighfidh do mhic ar chathaóir ríogha Israel go nuige an ceathramhadh glún. Agus is mar sin tháinic a gcrích.
13
¶ Do thosuigh Sallum mac Iábes a ríghe annsa naomhadh bliadhuin déag ar fhithchid do Ussiah rígh Iúdah; agus do bhí na rígh mí iomlán a Samária.
14
Oir do chúaidh Menahem mac Gádi súas ó Thirsah, agus tháinic go Samária, agus do bhúail Sallum mac Iabes a Samária, agus do marbh é, agus do bhí na rígh iona áit.
15
Agus an chuid oile do ghníomhuibh Shallum, agus an nfeall do rinne sé, féuch, atáid scríobhtha a leabhar croinice ríogh Israel.
16
¶ Ann sin do bhúail Menahem Tipsah, agus gach a raibh innte, agus a cóstadha ó Thirsah: do bhrígh nar fhoscladar roimhe, uime sin do bhúail sé í; agus do scoilt súas a raibh do mhnáibh torrcha innte.
17
¶ Ann sa naonmhadh blíadhuin déug ar fhichthid do Asariah rígh Iúdah do thosuidh Menahem mac Gádi a ríghe ós cionn Israel, agus do ríoghadh deich mbliadhna a Samária.
18
Agus do rinne se olc a radharc an TIGHEARNA: níor dhealuidh sé ar feadh a bheatha re peacadhuibh Ieroboam mhic Nébat, noch thug ar Israel peacughadh.
19
¶ Agus tháinic Pul rígh na Hasíria a naghaidh na tíre: agus thug Menahem do Phul míle tallann airgid, iondus go mbeith a lámh ris do dhaingniugadh na rioghachda iona láimh.
20
Agus do thabhuidh Menahem an tairgiod ar Israel, eadhon air gach uile dhume chumasach a saídhbhrios, ar gach éanduine cáogad secel airgid, ré thabhairt do rígh na Hassíria. Marsin do fhill rígh na Hassíria ar ais, agus níor fhan annsin ansa dúithche.
21
¶ Agus an chuid oile do ghníomhuibh Mhenahem, agus a ndéarna sé uile, nach bhfuilid scríobhtha a leabhar croinice ríogh Israel?
22
Agus do choduil Menahem agá aithribh; agus do ríoghaidh Pecahiah a mhac iona áit.
23
¶ Annsa chaogadmhadh blíadhuin do Asariah righ Iúdah do thosaidh Pecahiah mac Menahem a righe ós cionn Israel a Samária, agus do ríoghaidh dhá bhlíadhuin.
24
Agus do rinne sé olc a radharc an TIGHEARNA: níor dhealuigh sé ré peacadhuibh Ieroboam mhic Nebat, noch thug ar Israel peacughadh.
25
Acht do rinne Pecah mac Remaliah, caiptín dá mhuinntir feín, feall air, agus do bhúail é a Samária, a bpálás thighe an rígh, maille re Hargob agus Arieh, agus maille re caogad fear do na Gileaditeachaibh: agus do mharbh sé é, agus do ríoghaidh iona ait.
26
Agus an chuid oile do ghníomhuibh Phecahiah, agus a ndéarna sé uile, feúch, atáid scríobhtha a leabhar croinice ríogh Israel.
27
¶ Annsa dara blíadhain ar cháogad do Asariah rígh Iúdah do ríoghuidh Pecah mac Remaliah ós cionn Israel a Samária fithche blíadhuin.
28
Agus do rinne sé an ní fá holc a radharc an TIGHEARNA: níor dhealuidh sé re peacadhuibh Ieroboam mhic Nébat, noch thug ár Israel peacughadh.
29
¶ A laethibh Phecah rígh Israel thínic Tiglat‐pileser rígh na Hassiria, agus do ghabh sé Hiion, agus Abel‐betmaacha, agus Ianoah, agus Cedes, agus Hásor, agus Gíleadi, agus Galilee, agus fearann Napthali uile, agus rug a láimh íad go Hassiria.
30
¶ Agus déirigh Hosea mac Elah a naghaidh Phecah mhic Remaliah, agus do bhúail sé é, agus do mharbh é, agus do bhí féin na rígh na aít, annsa bhfithchiodmhadh blíadhuin do Iótam mac Ussiah.
31
Agus an chuid oile do ghníomhuibh Phecah, agus a ndéarna sé uile, féuch, ataíd scríobhtha a leabhar croinice ríogh Israel.
32
¶ Annsa dara blíadhuin do Phecah mhac Remaliah rígh Israel do thosuigh Iótam mac Ussiah rígh Iúdah a ríghe.
33
Cúig bhlíadhna fithchiod daóis do bhí sé a nuair do thosuigh sé a ríghe, agus do ríoghaidh ann Ierusalem sé bliadhna déug, Agus do be ainm a mhathair Ieresha, inghin Sadoc.
34
Agus do rinne sé an ní fa ceart a radharc an TIGHEARNA: do rinne sé do reír a nuile ní dá ndeárnuidh a athair Ussiah.
35
Acht cheana níor hathruigheadh na háite árda: do nídís an pobal íodhbuirt agus do loisgedís túis a ccomhnuigh annsna háitibh árda. Do chuir sé súas an geata fa háirde do thigh an TIGHEARNA.
36
¶ Anois an chuid oile do ghníomhuibh Iótam, agus a ndéarna sé uile, nach bhfuilid síad scríobhtha a leabhar croinice ríogh Iúdah?
37
Annsna laéthibhsi do thosuigh an TIGHEARNA Resin rígh na Síria agus Pecah mac Remaliah, do chur a naghaidh Iúdah.
38
Agus do choduil Iótam agá aithribh, agus do hadhlaiceadh a bhfochair a aithreadh é a ccathruigh Dháibhi a athar: agus do ríoghadh Ahas a mhac iona áit.
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 16 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25